Is í Éire an dara tír is síochánta san Eoraip agus an tríú tír is síochánta ar domhan faoi láthair, de réir an Innéacs Síochána Domhanda is déanaí.
Athrú suntasach é seo in imeacht bliana, ó bhí Éire san ochtú háit ar an innéacs domhanda agus sa seachtú háit ar an innéacs Eorpach anuraidh.
An Íoslainn is síochánta as an 163 tír agus críoch neamhspleách a ndéanann an Institiúid Eacnamaíochta agus Síochána measúnú orthu.
Áirítear an Nua-Shéalainn agus Éire ar an dara agus an tríú tír is síochánta faoi seach.
Ina ndiaidh siúd, tá an Danmhairg, an Ostair, an Phortaingéil, an tSlóivéin, Poblacht na Seice agus Singeapór.
An Eoraip trí chéile an réigiún is síochánta ar domhan, de réir an innéacs.
Ní dea-scéal uile é, áfach. Léiríonn an t-innéacs go bhfuil an tsíochántacht tite 3.2% ar an meán ar fud na cruinne le ceithre bliana déag.
Thit an tsíochántacht in 84 den 163 tír ach d'ardaigh sí i 77 acu i gcaitheamh na mblianta sin. Ní raibh aon athrú ar chúrsaí sa dá thír eile.
Sa Rúis, san Eoráise agus i Meiriceá Thuaidh is mó a tháinig meath ar an tsíochántacht.
San Afraic, is i mBuircíne Fasó, sa Ghuine, i Sead, sa tSúdáin agus i Mailí is mó a chuaigh cúrsaí chun donachta.