Tá sé ráite ag RTÉ go bhfuil díomá ar an eagraíocht faoi chinneadh lucht féile Bhród Bhaile Átha Cliath éirí as an gcomhpháirtíocht oifigiúil atá acu leis an gcraoltóir seirbhíse poiblí.
D'fhógair Bród Bhaile Átha Cliath inné go raibh deireadh curtha maolabhrach acu leis an gcaidreamh oifigiúil le RTÉ mar gheall ar an allagar faoin bpobal trasinsnceach ar an gclár raidió Liveline le deireanas.
Chuir cineál an phlé "fearg agus díomá" orthu, a dúirt siad.
Níl aon insint ar chomh mór agus a ghoill cuid den chaint ar Liveline ar dhaoine trasinscneacha, a dúirt siad, agus chuir siad i leith RTÉ go raibh an eagraíocht "ag gríosú thine na reitrice in aghaidh an phobail thrasinscnigh."
I ráiteas inniu, thug RTÉ le fios go mbaineann plé poiblí - bíodh sé míthaitneamhach, deacair agus conspóideach uaireanta - go mbaineann a leithéid go smior le feidhm na heagraíochta de réir dualgais.
Tuigeann RTÉ, a maíodh sa ráiteas, go mbíonn an plé a dhéantar ar leithéidí cúrsaí inscne agus féiniúlachta thar a bheith pearsanta in amanna.
Dúradh freisin go bhfuil sé tábhachtach cluas éisteachta a thabhairt do na daoine a mbaineann na cúrsaí sin leo, dá dteaghlaigh agus dá gcairde.
Tá sé tábhachtach chomh maith ligean do lucht éisteachta agus féachana RTÉ dul i ngleic leis na cúrsaí sin agus deis a thabhairt dóibh iad a thuiscint, a dúradh.
De réir an ráitis, meabhraíonn comhpháirtíocht RTÉ le Bród do mhuintir na hÉireann go bhfreastalaíonn an eagraíocht ar gach duine.
Seasfaidh RTÉ le daoine LADT+ i measc fhoireann na heagraíochta féin agus sa phobal trí chéile i gcaitheamh na féile Bród ainneoin an chinnidh atá déanta ag an lucht eagraithe deireadh a chur leis an gcomhpháirtíocht oifigiúil, a dúradh.
Dúradh go bhfuil súil ag RTÉ go mbeidh deis ann amach anseo an chomhpháirtíocht a bhunú as an nua.