skip to main content

Prótacal an Tuaiscirt: Aontas Eorpach gafa i muinín an dlí

Calafort Bhéal Feirste
Calafort Bhéal Feirste

Thionscain an tAontas Eorpach cás dlí in aghaidh na Ríochta Aontaithe inniu tar éis do Rialtas na Breataine reachtaíocht a fhoilsiú faoina gcuirfear ar neamhní cuid mhór de Phrótacal an Tuaiscirt.

Bhi sé i gceist ag an gCoimisiún Eorpach - feidhmeannas an Aontais Eorpaigh - an cás dlí a thionscnamh anuraidh ach cuireadh ar fionraí é le deis a thabhairt do thaidhleoirí ón dá thaobh teacht ar chomhréiteach.

Dar leis an gCoimisiún Eorpach go sáraíonn reachtaíocht nua na Breataine na gealltanais a tugadh sa chomhaontú maidir le himeacht na Breataine as an Aontas Eorpach agus - dá réir sin - go sáraíonn sí an dlí idirnáisiúnta.

Tionscnaíodh chomh maith inniu an dara cás in aghaidh na Ríochta Aontaithe faoin bhfaillí a líomhnaítear atá Rialtas na Breataine a dhéanamh i dtaca le faisnéis a chur ar fáil faoi earraí atá á n-iompar idir an an Bhreatain agus an Tuaisceart.

Tá sé á mhaíomh ag an gCoimisiún Eorpach nach bhfuil dóthain ionad seiceála tógtha ag Rialtas na Breataine i gcalafoirt an Tuaiscirt, agus go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag dreamanna nár ainmníodh earraí a smuigleáil isteach sa mhargadh aonair ón Tuaisceart de bharr na siléigeachta seo, más fíor.

Dar le hoifigeach sinsearach san Aontas Eorpach gur coigistíodh i gcalafoirt sa Tuaisceart anuraidh airm, fóin ghóchumtha, hearóin, cócaon, tobac agus cógais ghóchumtha a raibh rún ag coirpigh a ndíol i margadh aonair an Aontais.

Ainneoin na n-imeachtaí dlí, is mian leis an gCoimisiún Eorpach tabhairt le tuiscint go bhféadfaí teacht ar chomhréiteach fós faoi na ceisteanna seo ar fad.

Chuige sin, tuigtear go bhfuil sé ar intinn ag an Aontas Eorpach tuilleadh moltaí a dhéanamh maidir le feidhmiú praiticiúil Phrótacal an Tuaiscirt a leasú beagán.

Níl tuilleadh margála ar an gconspóid curtha as an áireamh ag an mBreatain ach oiread, de réir dealraimh.

Ag labhairt dó ar RTÉ, thug Ambasadóir na Breataine in Éirinn Paul Johnston le fios go bhféadfadh an dá thaobh dul i mbun idirbheartaíochta arís ainneoin an reachtaíocht nua a bheith curtha chun cinn go haontaobhach ag Rialtas na Breataine.