Deirtear i dtuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga Rónán Ó Domhnaill a foilsíodh inniu go ndearnadh 727 gearán lena Oifig anuraidh, ar méadú 20% é ó 2020.
Daoine a bhí ina gcónaí sa Ghaeltacht a rinne 27% de na gearáin, ar méadú 4% é sin ó 2020.
Comhtharlaíonn sé gur daoine a bhí ina gcónaí i mBaile Átha Cliath a rinne 27% de na gearáin chomh maith.
Léirítear sa tuarascáil gur bhain 123 de na 727 gearán a fuair an Coimisinéir Teanga le cúrsaí Covid-19, agus gur bhain trian den 123 gearán sin leis an laghad seirbhísí idirghníomhacha a bhí ar fáil i nGaeilge i gcaitheamh na paindéime.
Leithéidí tástáil ISP [Imoibriú Slabhrúil Polaiméaráise] nó coinne vacsaíne a chur in áirithe ar líne a bhí i gceist.
Bhain an dá thrian eile den 123 gearán le heaspa fógraíochta agus comharthaíochta i nGaeilge, go háirithe in ionaid vacsaínithe.

Ag trácht dó ar an easpa seirbhísí idirghníomhacha, tharraing an Coimisinéir Teanga aird ar na srianta atá air i gcónaí maidir le gearáin den sórt sin a fhiosrú.
Thug sé le fios nach raibh sé de chumhacht aige cuid mhór de na gearáin a fhiosrú "de bharr easnaimh" sa reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair.
Tá an Coimisinéir ag feidhmiú i gcónaí de réir an iarAchta Teanga, seachas de réir an Achta leasaithe atá chomh héagsúil leis an iarAcht gurb ionann agus Acht nua é.
Ag labhairt dó le Nuacht RTÉ, dúirt Rónán Ó Domhnaill go léiríonn na srianta atá air faoi láthair gur mithid "tosach feidhme a thabhairt d'fhorálacha an Achta leasaithe nua a ritheadh i ndeireadh na bliana seo caite ach nach bhfuil curtha i bhfeidhm fós, in áit a bheith ag brath ar an Acht reatha nach bhfuil oiriúnach dá fheidhm."
Mar leis seo de, dhearbhaigh sé go bhfuil faoina Oifig tabhairt faoi mhórfheachtas faisnéise agus feasachta poiblí amach sa bhliain le "tábhacht fhorálacha nua an Achta leasaithe a chur ar shúile an phobail agus comhlachtaí poiblí araon."
Dar leis "má dhéantar forálacha éagsúla an Achta leasaithe a chur i bhfeidhm mar is cuí, beidh buntáiste ag an bpobal ar líon méadaithe seirbhísí a bheith ar fáil dóibh i nGaeilge seachas mar a bhí go dtí seo."
I measc phríomhfhorálacha an Achta nua, tá:
- Cuspóir go mbeidh 20% d’earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí agus sa Státseirbhís as seo go 2030 inniúil i nGaeilge.
- Dualgas ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht bhliantúil a dhéanamh i nGaeilge.
- Dualgas ar chomhlachtaí poiblí cumarsáid a dhéantar leo i nGaeilge ar na meáin shóisialta a fhreagairt i nGaeilge.

Tarraingítear aird ar fheidhm imscrúdaithe agus faireacháin an Choimisinéara Teanga sa tuarascáil bhliantúil chomh maith agus an méid den obair seo a cuireadh i gcrích le linn 2021.
Cuimsíonn an obair seo fiosrúcháin a rinne Oifig an Choimisinéara cheana faoi chomhlachtaí poiblí amhail an Roinn Oideachais, an Foras Taighde ar Oideachas agus RTÉ.
Is é is imscrúdú ann fiosrúchán foirmiúil a thionscnaítear nuair nach féidir gearán a réiteach go neamhfhoirmiúil. Tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí comhoibriú leis an gCoimisinéir Teanga agus imscrúdú ar bun aige.
Is é is faireachán ann monatóireacht a dhéanamh ar mholtaí imscrúdaithe le cinntiú go bhfuil na moltaí sin á gcur i bhfeidhm.
Deimhnítear sa tuarascáil bhliantúil gur tugadh cúig imscrúdú fhoirmiúla chun críche in 2021.
I gceann acu, cinneadh gur sháraigh Comhairle Contae na Mí Plean Forbartha Chontae na Mí "toisc nár féachadh chuige go ndéanfaí cosaint ar oidhreacht theangeolaíoch na Gaeltachta nuair a bhí iarratais phleanála i Ráth Chairn á mbreithniú aici."

I dtaca le RTÉ de, meabhraítear sa tuarascáil gur léirigh imscrúdú a rinne an Coimisinéir Teanga in 2018 "gur sháraigh RTÉ an tAcht Craolacháin de bharr easpa réimse cuimsitheach clár teilifíse i nGaeilge agus easpa clár cúrsaí reatha i nGaeilge ar a sceideal teilifíse."
Deirtear go bhfuil "teagmháil rialta ar siúl le RTÉ maidir le cur i bhfeidhm mholtaí an imscrúdaithe agus go bhfuil [an Coimisinéir Teanga] buíoch den eagraíocht as an gcomhoibriú."
Cuirtear in iul go bhfuil ardú suntasach tagtha ar an méid Gaeilge a chraoltar ar theilifís RTÉ - os cionn 900 uair an chloig in 2021 i gcomórtas le 123 uair an chloig in 2017.
Moltar RTÉ sa tuarascáil faoi iarracht a dhéanamh "géilliúlacht iomlán a bhaint amach" ach deirtear gur "ábhar imní i gcónaí laghad na gclár cúrsaí reatha as Gaeilge, ar riachtanas reachtúil atá ann a éilítear go sonrach san Acht Craolacháin."