San Ardchúirt i mBéal Feirste inniu, ceadaíodh socruithe cúitimh do theaghlaigh naonúir ar mharaigh Arm na Breataine iad i mBaile Uí Mhurchú in iarthar Bhéal Feirste os cionn leathchéad bliain ó shin.
Lámhachadh agus maraíodh deichniúr Caitliceach i mBaile Uí Mhurchú i mí Lúnasa 1971 ach chinn cróinéir i mBéal Feirste anuraidh nach raibh dóthain fianaise ann le deimhniú cé a mharaigh an deichiú duine.
San Ardchúirt inniu, deimhníodh go raibh damáistí "suntasacha" cúitimh le híoc le teaghlaigh an naonúir a thug cás sibhialta in aghaidh Roinn Cosanta na Breataine.
Ní dúradh cé mhéad airgid a íocfar ach tuigtear go mbeidh na céadta míle punt i gceist i gcás gach aon cheann de na teaghlaigh.
Ceadaíodh costais in aghaidh stát na Breataine fosta.
I mí na Bealtaine anuraidh, rialaigh an cróinéir go raibh na daoine a maraíodh iomlán neamhchiontach agus nach bhféadfaí na maruithe a chosaint.
I ndiaidh an rialaithe, ghabh Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson leithscéal "gan acht, gan chúinse thar ceann Rialtas na Breataine" as na maruithe ach ní raibh cuid de na teaghlaigh sásta leis an gcló a bhí ar an leithscéal.
Chaith agus mharaigh saighdiúirí ón reisimint pharaisiút na sibhialtaigh in imeacht trí lá idir 9-11 Lúnasa 1971.
I measc na marbh, bhí bean a raibh ochtar clainne aici, sagart agus fear a fuair bás de bharr taom croí tar éis achrainn le saighdiúirí.
Maraíodh Joan Connolly, 44 bliain d'aois; Joseph Corr, 43; Edward Doherty, 31; John Laverty, 20; John McKerr, 49; an tAthair Hugh Mullan, 38; Joseph Murray, 41; Noel Phillips, 19; Frank Quinn, 19; agus Daniel Teggart, 44.
Tharla an sleácht tar éis do Rialtas na Breataine imtheorannú gan triail a thabhairt isteach sa Tuaisceart ar an 9 Lúnasa.
Níor tugadh aon duine os comhair cúirte riamh faoi na maruithe.