Dúirt an t-amhránaí Justin Bieber nach bhfuil mothú ar bith ar thaobh amháin dá éadan de bharr go bhfuil an víreas ar a dtugtar 'Ramsay Hunt' tolgtha aige.
Aicíd í seo a bhuaileann na néaróga.
Dúirt Bieber (28) nach bhfuil aon tuairim aige cén uair a bheidh sé ábalta dul i mbun amhránaíochta ag ceolchoirmeacha arís.
Chuir sé sin in iúl dá lucht tacaíochta i bhfíseán a phostáil sé ar na meáin shóisialta.
Ó Cheanada Justin Bieber agus tá cáil idirnáisiúnta air de bharr a chuid ceoil.