skip to main content

Iarbhainisteoir sacair Thuaisceart Éireann Billy Bingham tar éis bháis

Billy Bingham
Billy Bingham

Tá iarbhainisteoir fhoireann sacair Thuaisceart Éireann Billy Bingham tar éis bháis. Bhí sé 90 bliain d'aois.

Bhí Billy Bingham i gceannas na foirne a cháiligh do Chorn an Domhain faoi dhó sna hochtóidí - sa Spáinn i 1982 agus i Meicsiceo i 1986 - agus d'imir sé féin do Thuaisceart Éireann i gCorn an Domhain sa tSualainn i 1958.

Rugadh é i mBéal Feirste, mar ar thosaigh sé ag imirt dá chumann áitiúil Glentoran in oirthear na cathrach.

D'imir sé go proifisiúnta ina dhiaidh sin i Sasana do Sunderland, Luton, Everton agus Port Vale sular éirigh sé as i 1965.

Bhí sé ina bhainisteoir ar Everton idir 1973 agus 1977, agus ina bhainisteoir lánaimseartha ar Thuaisceart Éireann idir 1980 agus 1993.

An cluiche cinniúnach idir Tuaisceart Éireann agus Poblacht na hÉireann i bPáirc Windsor i mBéal Feirste i mí na Samhna 1993 an cluiche deireanach a chaith Billy Bingham ina bhainisteoir.

Comhscór a bhí ann rud a d'fhág gur cháiligh foireann na Poblachta do Chorn an Domhain sna Stáit Aontaithe an samhradh dar gcionn.

I ráiteas ó Chumann Sacair na hÉireann (IFA), moladh go hard Billy Bingham faoin méid a bhain sé amach lena bheo agus dúradh gur fear fadcheannach agus ceannródaíoch a bhí ann.