Tá an comhlacht meáin shóisialta TikTok le 1,000 post nua a chur ar fáil in Éirinn.
Tá 2,000 duine ag obair don chomhlacht roinnte físeán sa tír seo cheana féin - idir lucht cibearshlándála, lucht cosanta sonraí agus eile.
D'fhógair príomhfheidhmeananch TikTok Shouzi Chew an scéal inniu i láthair an Taoisigh Micheál Martin agus phríomhfheidhmeannach na Gníomhaireachta Forbartha Tionscail Martin Shanahan.
Dúirt Martin Shanahan go léiríonn an infheistíocht nua tábhacht stráiteseach na tíre seo do ghnóthaí idirnáisiúnta TikTok.
Thug an Taoiseach le fios go léiríonn cinneadh TikTok cur lena bhfuil ar bun acu in Éirinn cheana féin, go léiríonn sé go bhfuil go leor buntáistí ag baint leis an tír seo do chomhlachtaí mar é.
Chuir an Tánaiste Leo Varadkar fáilte roimh an nuacht chomh maith agus mhol sé go hard na daoine a d'oibrigh go crua le TikTok a mhealladh chun na hÉireann.
Tá TikTok ag iarraidh na fostaithe nua a earcú an túisce is féidir, a dúradh.
Comhlacht Síneach is ea TikTok a bunaíodh i mBéising in 2016.
Tá roinnt cásanna dlí tugtha in aghaidh TikTok faoi líomhaintí gur sháraigh an comhlacht príobháideachas agus cearta maoine daoine.