Tá cáineadh géar déanta ag cumann amaitéarach sacair i gCo an Chláir ar pholasaithe Chumann Peile na hÉireann (FAI) maidir le cead a thabhairt do theifigh ón Úcráin sacar a imirt sa tír seo.

Gearradh fíneáil le déanaí ar chumann sacair Sporting Ennistymon in Inis Díomáin agus baineadh pointí díobh de bharr gur chuir siad dídeanaí ón Úcráin chun páirce gan an próiseas ceart clárúcháin a chomhlíonadh.

Mhaígh rúnaí an chumainn Eddie Crowe, áfach, gur lean an cumann an próiseas de réir mar a thuig siad é:

"Rinne an cumann gach iarracht chun fáilte a chur roimh na teifigh atá tagtha chun an cheantair seo.

"Dar linn nach bhfuil aon chóras soiléir ann chun na himreoirí seo a chlárú agus chun cead imeartha a thabhairt dóibh.

"Ba cheart don FAI a dteach féin a chur ina cheart sula ngearrann siad pionós ar chumann beag amaitéarach in iarthar an Chláir."

Eddie Crowe

Dúirt imireoir leis an gcumann Chris O'Keeffe go raibh an t-imreoir Úcránach - fear sna fichidí- go mór trína chéile ag an méid a thit amach:

"Braitheann sé gur air féin atá an locht go bhfuil fíneáil gearrtha ar an gcumann agus pointí caillte againn.

"Tá sé deacair cur ina luí air go bhfuil fáilte roimhe inár measc nuair is mar seo atá caite leis."

I ráiteas, dúirt Cumann Peile na hÉireann go raibh an cogadh san Úcráin tar éis go leor deacrachtaí a chothú maidir le clárú imreoirí.

Dúradh chomh maith go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh acu ar an bpróiseas clárúcháin ionas go bhféadfadh gach imreoir sacar a imirt más maith leo ach san am céanna go gcaithfear ionracas na gcomórtas sa tír seo a chosaint.

D'achainigh Eddie Crowe ar an eagraíocht córas níos simplí a chur i bhfeidhm gan mhoill.