I Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair aréir, seoladh taispeántas ar shaol agus ar shaothar Chathail Uí Shándair, an t-údar mór le rá a chruthaigh an carachtar bleachtaireachta Réics Carló i ndaichidí an chéid seo caite.
100 bliain ó shin a rugadh Cathal Ó Sándair agus tá comóradh á dhéanamh air i mbliana in ionaid éagsúla ar fud na tíre.
Ag Léamh faoin mBinse Scoile an teideal fóirsteanach atá ar an taispeántas i nGaoth Dobhair. Sin tagairt don líon mór léitheoirí óga a mheall Ó Sándair lena leabhair do dhéagóirí, ábhar a mheall daoine níos sine fosta.
Deirtear faoi leabhair Uí Shándair gurb iad na leabhair Ghaeilge is mó ráchairt riamh. 160 leabhar do dhaoine óga a scríobh sé idir na blianta 1940 agus 1960.
Áirítear gur díoladh 120,000 cóip dá leabhair i gcaitheamh na mblianta sin, éacht nár sháraigh údar Gaeilge ar bith ó shin.

Deir an saoreagarthóir a bhfuil taighde déanta aici ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge, Róisín Adams, go bhfuil go leor le foghlaim ó chur chuige Chathail Uí Shándair ag scríbhneoirí an lae inniu atá ag iarraidh Gaeilgeoirí óga a mhealladh:
"Ceann de na rudaí is mó a rinne sé, chuir sé sraitheanna amach leis na carachtair chéanna, Réics Carló [bleachtaire] nó Réamonn Óg [buachaill bó].
"Is i gcomhthéacs acadúil den chuid is mó a luaitear é, ach bhí sé ag scríobh leabhair spraíúla eachtraíochta do dhaoine óga.
"Déarfainn go gceapfadh sé féin go bhfuil sé rud beag greannmhar faoin dtráth seo nach bhfuil an gnáthphobal seachas an pobal acadúil ar an eolas faoi!"
Bhí Cathal Ó Sándair meáite ar na seánraí ba mhó éilimh a thabhairt isteach sa Ghaeilge, cuir i gcás, an tsraith faoi bhuachaillí bó san Iarthar Fhiáin agus scéal an fhoghlaí mara an Captaen Toirneach a thaistil farraigí an domhain aimsir Chromail.
Chaith sé tamall i gConamara, áit a bhfuair sé smaointe dá shraith faoi Scorach Ghlionnáin, agus fiú chum sé sraith cheannródaíoch san fhicsean eolaíochta faoin spásaire Éireannach an Captaen Spéirling.

Admhaíonn Joe Ó Ceallaigh ó Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall go bhfuil bearna le líonadh le léitheoirí óga a mhealladh:
"Tá sé doiligh déagóirí a mhealladh isteach chuig an leabharlann ar aon nós. B'fhéidir gur chóir dúinne smaointiú faoin scoil. Caithfidh na daltaí dul ar scoil gach lá, ach níl orthu dul go dtí an leabharlann.
"Sílim gur chóir dúinne sa tseirbhís leabharlainne agus sna scoltacha níos mó oibre a dhéanamh le chéile, níos mó tograí a dhéanamh i leith na léitheoireachta."
Beidh Taispeántas Chathail Uí Shándair ar siúl i Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair go dtí an 10 Meitheamh, sula mbogfaidh sé chuig Oideas Gael i nGleann Cholm Cille.