Tá sé tugtha le fios ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) go gcaithfear pleananna agus polasaithe aeráide uile na tíre seo - agus tuilleadh - a chur i bhfeidhm go pras má táimid lenár spriocanna maidir le hastaíochtaí gás a bhaint amach.
Tá sé mar aidhm ag an Rialtas astaíochtaí gás ceaptha teasa in Éirinn a laghdú 51% faoin mbliain 2030.
Dar leis an GCC, áfach, go bhfuil ag teip go tubaisteach ar an tír seo faoi láthair an aidhm sin a bhaint amach.
I dtuarascáil nua, deir an GCC go bhfuil bearna ollmhór idir uaillmhian agus ghníomh ainneoin an aidhm astaíochtaí a laghdú 51% a bheith ina ceangal docht dlí.
Má leantar den tsiléigeacht, a deirtear, ní bheidh bainte amach faoin mbliain 2030 ach laghdú 28%.
Tarraingítear aird ar an earnáil talmhaíochta thar aon earnáil eile sa tuarascáil ós í atá freagrach as an gcuid mó d'astaíochtaí.
Deirtear go gcaithfidh feirmeoirí agus táirgeoirí eile na hearnála talmhaíochta i bhfad níos mó a dhéanamh le hastaíochtaí meatáin agus gás ceaptha teasa eile a laghdú.
Ag labhairt di ar RTÉ, thug Laura Burke ón GCC le fios gur tháinig laghdú ar astaíochtaí le linn na paindéime Covid-19 mar go raibh gnóthais dúnta agus go raibh daoine ag fanacht sa bhaile nó gar do bhaile.
Tá deireadh leis sin anois, a dúirt sí, agus táimid ag dul sa treo mícheart arís.
Caithfear an earnáil talmhaíochta in Éirinn a athrú ó bhonn agus níl aon ghlacadh le leithscéalta eacnamaíochta, arsa Laura Burke.
Chuir an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Éamon Ryan fáilte roimh an tuarascáil is deireanaí ón GCC agus d'fhógair go bhfuil sé le pleananna nua maidir le hastaíochtaí a laghdú a chur faoi bhráid an Rialtais go luath.
Ní ag díriú ar an earnáíl talmhaíochta amháin a bheifear, a dúirt sé.
Ní mór do gach aon earnáil agus gach aon duine a gcuid iompair agus a stíl mhaireachtála a athrú gan spás, arsa an tAire.
Tá athruithe móra i ndán do chúrsaí oibre, taistil, tomhaltais, seirbhísí agus dramhaíola, ar sé.