Dúirt Comhairleoir Contae i gCiarraí go bhfuil baol ann go ndúnfar Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne mura n-éireoidh le hiarrachtaí atá ar bun breis foirne a earcú.

Tá go leor leapacha do dhaoine scothaosta díomhaoin toisc ná fuil dóthain foirne san ospidéal sa Daingean chun othair a chur iontu.

Tá feachtas earcaíochta ar bun ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le leathbhliain anuas ach is beag dul chun cinn atá déanta.

54 leaba do dhaoine scothaosta atá in Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne ach tá suas le sé cinn déag dos na leapacha san díomhaoin fé láthair.

Chaith cás Mháire Uí Bheaglaoí solas ar an easnamh so i mí na Nollag seo caite nuair ab éigean dá clann í a thógaint amach as an ospidéal agus í a aistriú go tigh altranais 70 ciliméadar ó bhaile toisc go raibh an leaba ina raibh sí ceaptha do dhuine eile.

Máire Uí Bheaglaoí

Ag an am, d'fhógair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go raibh tús á chur le feachtas earcaíochta le súil agus breis leapacha a oscailt sa Daingean ach go nuige inniu is cosúil gur beag dul chun cinn atá déanta de réir freagra ón eagraíocht ar cheist Dála ón dTeachta Brendan Griffin, Fine Gael.

Ón 1 Nollag seo caite, tá beirt altraí ceaptha go lánaimseartha agus altra eile ar bhonn páirtaimseartha. Lena chois sin, tá beirt chúntóirí cúraim shláinte ceaptha.

Sa tréimhse chéanna, áfach, chuaigh beirt altraí ar scor agus d’éirigh altra eile as. Ina theannta san, chuaigh beirt chúntóirí cúraim shláinte ar scor le linn na tréimhse céanna, rud a fhágann ná fuil aon mhéadu ar fhoireann an ospidéil ainneoin na n-iarrachtaí earcaíochta.

Dúirt an Comhairleoir Séamus Chosaí Mac Gearailt, Fine Gael, go bhfuil baol ann go ndúnfar an t-ospidéal mura n-éireoidh leis na hiarrachtaí breis foirne a earcú.

"Tá imní ar an bpobal gan dabht. Muna bhfuil siad ábalta breis foirne a fhostú agus má dh’fhágann a thuilleadh altraí, caithfear breis leapacha a dhúnadh agus a fhios ag gach éinne má thiteann sé fé bhunuimhir áirithe leapacha tá baol ann go ndúnfar an t-ospidéal," a dúirt sé.

Dúirt Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann go bhfuil gá le tairiscintí níos tarraingtí chun altraí a mhealladh go dtí ceantair tuaithe agus Gaeltachta cosúil le Corca Dhuibhne.

I ráiteas inniu, dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil dianfheachtas earcaíochta ar bun ó mhí Eanáir seo caite ach go bhfuil dúshlán ar leith ag baint le breis foirne a earcú i gceantair tuaithe cosúil leis an nDaingean.

Dúirt an Fheidhmeannacht go bhfuil fonn orthu cur leis an bhfoireann in Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne agus go bhfuil na hiarrachtaí earcaíochta ar bun go fóill.