skip to main content

Imní ar phobal Gaelscoile nach mbeidh foirgneamh nua acu in am

Gaelscoil na Laochra, Biorra, Co Uíbh Fhailí
Gaelscoil na Laochra, Biorra, Co Uíbh Fhailí

Tá imní ar phobal Ghaelscoil na Laochra i mBiorra, Co Uíbh Fhailí, nach mbeidh foirgneamh nua ar fáil dóibh i dtús na scoilbhliana 2023-24 faoi mar a gheall an Roinn Oideachais.

Faoi láthair, tá 32 dalta na scoile á dteagasc i seanfhoirgneamh a bhíodh ina réamhscoil, ach tiocfaidh deireadh leis an léas an bhliain seo chugainn.

Deir bord na scoile nach bhfuil an foirgneamh feiliúnach níos mó ná le fada do pháistí óga.

Ní raibh aon rath ar na hiarrrachtaí a rinne siad féin teacht ar shuíomh agus tá siad i dtuilleamaí na Roinne Oideachais anois.

Cé go bhfuil sé ráite ag an Roinn leis an mbord go bhfuil suíomh sé acra aimsithe acu, tá imní ar phobal na scoile i gcónaí mar nach bhfuil tús curtha le forbairt an tsuímh fós.

Go deimhin, níl iarratas ar chead pleanála curtha ag an Roinn chuig Comhairle Chontae Uíbh Fhailí fós ach oiread.

Mar bharr ar an gcleas, is foirgneamh réamhdhéanta a bheas ar an suíomh ar dtús, a dúradh.