Tá sé deimhnithe go bhfuil an chéad chás den bholgach moncaí in Éirinn taifeadta ag na húdaráis sláinte sa Tuaisceart.

Níor tugadh aon eolas eile faoin gcás le dintiúir phearsanta an té atá i gceist a chosaint.

Níos túisce inniu, dhearbhaigh an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú gur taifeadadh 219 cás den bholgach moncaí taobh amuigh de thíortha ina bhfuil an víreas eindéimeach.

Tá cás amháin ar a laghad den bholgach moncaí taifeadta go taca seo i mbreis agus dosaen tír nach mbeadh aon tsúil leis an ngalar, ar tíortha Eorpacha a bhformhór, a dúradh.

Deimhníodh ar maidin chomh maith gur taifeadadh cás amháin sa Bhreatain Bheag.

Thug an Lárionad Eorpach le fios gurb é seo an chéad uair a tuairisicíodh cásanna den ghalar san Eoraip nach raibh aon nasc eipidéimeolaíochta acu le hiarthar nó lár na hAfraice.

Dúradh chomh maith gur fir óga bunáite na ndaoine san Eoraip a bhfuil an galar tolgtha acu.

71 cás atá sa Bhreatain faoi láthair, an líon is mó cásanna in aon tír san Eoraip. Is ann go deimhin a taifeadadh an chéad chás i dtús na míosa seo.