Tá sé tagtha chun solais gur fhógair fear óg a chaith agus a mharaigh naoi bpáiste dhéag agus beirt mhúinteoirí in Texas arú inné, gur fhógair sé ar Facebook tamall gearr roimh an sléacht go raibh sé ar intinn aige ionsaí a dhéanamh ar scoil.

Ag preasócáid, thug Gobharnóir Texas Greg Abbott le fios gur fhógair Salvador Ramos go raibh sé lena sheanmháthair a chaitheamh chomh maith agus gur dheimhnigh sé ar líne go gairid ina dhiaidh sin go raibh sin déanta aige.

Chaith Salvador Ramos a sheanmháthair san aghaidh sular imigh sé as an teach a raibh an bheirt acu ina gcónaí ann.

Ainneoin na ngortuithe a bhain di, bhí an tseanmháthair in araíocht fios a chur na póilíní.

Faoin am sin, áfach, bhí an fear óg ag déanamh ar an mbunscoil i mbaile Uvalde atá thart ar 130 ciliméadar siar ó chathair San Antonio.

D'imigh an gluaisteán a bhí sé a thiomáint den bhóthar taobh amuigh den scoil, tháinig sé amach aisti, chuaigh thar gharda slándála agus isteach sa scoil, mar a ndeachaigh sé i mbun an fheillbhirt le raidhfil leath-uathoibríoch den chineál AR-15.

Chaith agus mharaigh Salvador Ramos naoi bpáiste dhéag i Rang 4, chomh maith le beirt mhúinteoirí, sular chaith agus mharaigh na póilíní é.

Caitheadh agus gortaíodh seacht nduine dhéag eile, roinnt páistí ina measc, a deir na póilíní.

Tá sé deimhnithe ag na húdaráis in Texas go raibh dhá raidhfil agus 375 piléar ceannaithe ag Salvador Ramos cúpla lá roimh an uafás.

Mar lena phostálacha ar líne de, tá sé ráite ag Facebook gur teachtaireachtaí príobháideacha ó dhuine go duine a bhí iontu agus nár tugadh faoi deara iad go dtí i ndiaidh an ainghnímh.

As maoil a chonláin féin, más fíor, a chuaigh Salvador Ramos ar mire ach níl mórán eolais tugtha ag na póilíní faoi fós.

Tuairiscítear go ndúirt a mháthair le nuachtán Daily Mail na Breataine gur aonarán a bhí ina mac agus nach raibh mórán cairde aige.

Tá ceist na ngunnaí agus an fháil éasca atá orthu sna Stáit Aontaithe idir chamáin arís sa tír i bhfianaise an tsléachta is deireanaí seo ach níl sé soiléir fós cén chaoi an dtabharfar aghaidh ar an gceist, má thugtar.