Ba é an t-ionsaí ar Robb Elementary School i dTexas inné an ceann is deireanaí de na hionsaithe fuilteacha atá déanta ar scoileanna sna Stáit Aontaithe le 25 bliain.
1999 - Columbine High School
Mharaigh beirt dhéagóirí as Columbine, Colorado 12 mhac léín agus a múinteoir nuair a chuaigh siad i mbun ruathair gunnaí agus buamaí baile ina Ardscoil áitiúíl. Gortaíodh 24 eile san ionsaí a chuaigh i gcion ar mhuintir Mheiriceá mar go raibh sé ar cheann de na hollmharuithe scoile ba mhó i stair na tíre. Tá sé sin fíor i gcónaí.
2007 - Virginia Tech
Thosaigh mac léinn ag caitheamh a chomhghleacaithe agus léachtóírí ag an Virginia Polytechnic Institute i mBlacksburg, Virginia.
Mharaigh sé 32 mac léínn agus léachtóírí sula chuir sé féín den saol. Gortaíodh 35 dhuine eile.
Rinne sé adhradh ar bheirt ghunnadóirí Columbine, agus thug 'mairtírigh' orthu sna cáipéisí a chuir sé chuig na póílíní i rith na heachtra.
2012 - Sandy Hook Elementary School
Mharaigh fear 20 bliain d'aois a mháthair i Newtown, Connecticut, an 14 Nollaig 2012 sular thug sé faoi ionsaí lámhaigh ar bhunscoil Sandy Hook.
Fiche páíste idir 6 agus 7 mbliana d'aois a mharaigh sé, chomh maith le seisear daoine fásta, sular chaith sé é féin chun báis.
Is iomaí feachtas chun reachtaíocht gunnaí a dhéanamh níos déine atá curtha ar bun ag tuismitheoirí na scoile, ach tá cinnte orthu dul chun cinn a dhéanamh.
2018 - Marjory Stoneman Douglas High School
Lá 'le Vailintín 2018 a thug iarscoláire 19 mbliana déag faoi ruathar lámhaigh ar Marjory Stoneman Douglas High School i bParkland, Florida, ag marú 14 dalta agus triúr den bhfoireann.
Bhí sé curtha ar fionraí ag an scoil de bharr a chuid iompair
Tá cáil ar na marthanóirí as an bhfeachtasaíocht agus stocaireacht a dhéanann siad in aghaigh fhoréigean gunnaí.
2018 - Santa Fe High School
Maraíodh 8 mac léinn agus beirt eile nuair a thosaigh mac léinn ag lámhachadh a chuid comhghleacaithe ranga i Santa Fe, Texas. Bhí gránghunna agus piostal aige.
Ní raibh an fhoghlaim ach díreach tosaithe maidin an 18 Bealtaine nuair a thosaigh an sléacht.
I ndiaidh na tragóíde, rinne an Gobharnóír Greg Abbott 40 moladh a cheap sé a laghdódh an seans ar ollmharuithe i scoileanna an stáit. Níor bhain aon cheann acu lena thuilleadh srianta a chur ar úinéireacht ná ar an bhfáil ar ghunnaí.