Deir políní i Texas i Meiricea, go raibh an déagóir a mharaigh 19 páiste agus beirt mhúintéoirí in Ulvade ina aonar.
Páistí idir 7 agus 10 mbliana is mó a bhí ag freastal ar an scoil. Deir an tUachtarán Joe Biden go gcaithfear gníomhú anois agus seasamh i gcoinne lucht stocaireachta na ngunnaí sna Stáit Aontaithe.
Tá roinnt dena páistí a caitheadh agus iad ar scoil i Robb Elementary School in Uvaldei Texas ainmnithe. Amerie Jo Garza, 10 mbliana d'aois agus deir a muintir gur caitheadh í agus í ag glaoch ar na seirbhísí eigeandála

Maraíodh 19 bpáiste agus beirt mhúinteoirí nuair a chaith an gunnadóir, Salvador Ramos, 18 mbliana d'aois iad agus iAd ar scoil I Robb Elementary School in Uvalde i Texas. Páistí idir 7 agus 10 mbliana is mó a maraíodh -formhór acub i rang a 2 go rang a 4.
Tuariscitear gur chaith agus gur mharaigh na póílíní Ramos.
Thosaigh an ruathar nuair a chaith Ramos a sheamháthair, a tháínig slán.
Theith sé théis í a chaitheamh agus chuaigh sé chomh fada leis an mbunscoil i U-Vol day, atá 130km siar ó San Antonio.

Is cosúíl go ndearna póílíní iarracht Ramos a stopadh nuair a tháinig sé chomh fada leis an scoil, é gléasta in éide chosanta agus raidhfil aige.Ach d'éirigh leis aghaidh a thabhairt ar an bhfoirgneamh.
Deir na hÚdráis gur cheannaigh an gunnadóir dhá raidhfillaethanta théis a bhreithlá.
Ag labhairt dhó sa Teach Bán théis na heachtra, deir an tUachtarán Joe Biden go gcaithfear seasamh suas I gcoinne lucht stocaireachta na ngunnaí - dream atá ag cur cosc ar reachtaíocht níos déine a thabhairt isteach.

Tá go leor corraithe de bharr an méid a tharla agus aird aríst ar na dlíthe a bhaineanns le Gunnaí..
Seo’d an t-ochtú lámhach marfach gunnaí i Meiriceá I mbliana agus an ceann is measa ó maraíodh 26 duine i Sandy Hook i 2012.

Beidh bratacha ar leathchrann gach lá go dtí dul faoi na gréine Dé Sathairn mar chomhartha ómóís do na mairbh.
Ach níor léir go raibh Gobhanóir Texas, Greg Abbot, ná an Seandadóír Ted Cruz as Texas, ag tabhairt éisteacht d'impí an uachtaráin. Tháinig an bheirt amach cheana féin á rá nach raibh aon leigheas ar ionsaithe den chineál seo ach níos mó múinteoirí armtha, níos lú doirse agus brathadóírí miotail sna scoileanna.