Bhí léirsithe i mBéal Feirste, i nDoire agus i Londain inniu ag teaghlaigh na ndaoine a maraíodh sna trioblóidí ó thuaidh i gcoinne reachtaíochta atá ar na bacáin, faoin tslí a bpléifear le hoidhreacht na tréimhse sin.

Pléadh an reachtaíocht chonspóideach in Westminster inniu.

Faoi na dlíthe nua, bheadh maithiúnas ó chiontú dóibh siúd a chomhoibríonn le painéil a bheadh ag fiosrú dúnmharaithe.

Seo an chéad deis a bhí ag feisirí thall in Westminster plé a dhéanamh ar an reachtaíocht, faoina moltar deireadh a chur le fiosrúcháin de chuid na bpóiliní agus cásanna cúirte agus coiste a chur ar bun ina n-áit. Agus go mbeadh maithiúnas ó chiontú dóibh siúd a chomhoibríonn le painéil a bheadh ag fiosrú dúnmharaithe.

Bhí cúpla céad i láthair ag léirsiú i mBéal Feirste i gcoinne na reachtaíochta.

Tá na páirtithe uilig ar an oileán i gcoinne na reachtaíochta ach tá tacaíochtiarshaighdiúirí agus póiliní aici, áfach.

Dúirt PríomhChoimisinéar Chearta Daonna an Tuaiscirt Alyson Kilpatrick go bhfuil "fabht marfach" ar an reachtaíocht úr seo chuid na Breataine agus nach bealach cuí í ar chor ar bith le deileáil le hoidhreacht na dtrioblóidí.

I 1971 mharaigh arm na Breataine Billy McGreanery, 41, agus é ag siúl thar phointe seiceála airm i nDoire. Mhaigh an ag an am go raibh gunna ar iompar aige, ach léirigh Foireann na bhFiosrúchán Stairiúla ní ba dhéanaí nach raibh. I 2011, ghabh an Roinn Cosanta leithscéal lena chlann, ach inniu stróic a nua, Billy, an leithcéal sin ina phíosaí os comhair an tslua agus mhóidigh sé nach mbeadh glacadh ar bith leis an reachtaíocht mholta.

Labhair Marie Newton, ar maraíodh a fear céile, John Toland i 1976. Dúirt sí nach raibh fhios aici go fóill caidé mar a d'éirigh léi seachtar clainne a thógáil i ndiaidh na heachtra.

Ghabh sí buíochas leis an Pat Finucane Centre a chuidíonn leis na gaolta, agus rinne sí achainí gan aon chomhoibriú a thabhairt don dlí má achtaítear an reachtaíocht.

Ní raibh Stephen McConomy ach bliain déag d'aois nuair a maraíodh é i nDoire i 1982 le linn círéib i dTaobh an Bhogaidh i gcíréib i nDoire i 1982. Piléar plaistigh ó achar ghairid a mharaigh é. Inniu dúirt an dheartháir Emmet go bhfágfadh an reachtaíocht inniu nach mbeidh ceart ag gaolta ar bith toradh dlithiúil ar bith a fháil ar chásanna dúnmharfa.