160 toscaire a bhí i láthair ag Comhdháil bhliantiúil Chumann Ionadaíochta an Gharda Síochána i gCathair na Mart inniu chun na dúshláin atá roimh an bhfórsa a phlé.

I 2013, nuair a earcaíodh Gardaí nua faoi oiliúint, d'fhógair an Coimisinéir ag an am go gcruthófai sruth Gaeilge ar leith le linn an phróisis traenála agus ansin, i ndiaidh dóibh a gcuid oiliúna a thabhairt i gcrích, go gcuirfí na Gardaí nuacháilithe sin ar dualgas i gceantar Gaeltachta.

Le linn na comhdhála inniu, dúirt toscaire amháin, Dermot O'Brien, nach ndeachaigh aon Gharda a bhfuil Gaeilge acu go ceantar Gaeltachta nuair a bhí a gcuid oiliúna críochnaithe acu ó fógraíodh an méid sin.

Deir Uachtarán nua thofa an GRA , Brendan O’Connor, go bhfuil go leor brú ar Ghardaí faoi láthair mar go bhfuil Gardaí ag éirí as an bpost de bharr easpa traenála agus ganntanas achmhainní, go háirithe i gceantair iarghúlta agus go gcaithfidh sé sin athrú. Tá sé beartaithe go mbeadh 800 Garda breise i mbliana.

Tá éileamh déanta acu freisin go gcuirfear an oiliúint chuí ar Ghardaí líne thosaigh le go mbeidh siad in ann carr patróil a thiomáint i gcás éigeandála, ag baint úsáide as soilse gorma agus bonnáin.

Tá aird tarraingthe ar an gceist seo ag an Údarás Poilíneachta. Mar gheall ar an easpa oiliúna seo, a deir Cumann Ionadaíochta na nGardaí, fágtar nach féidir le go leor Gardaí dul sa tóir ar thiománaí atá ag taisteal ar luas ró-ard, nó ar thiománaí a bhfuil amhras faoi go bhfuil sé ar meisce. Scéal áiféiseach is ea é, a deir an cumann.

Dúradh le linn na comhdhála nach gcuirtear an oiliúint tiomána ar fáil minic go leor agus go gcuirtear moill ar am freagartha na nGardaí dá bharr.

Dúirt siad gur chóir an oiliúint chuí a chur ar fáil láithreach.

Dúirt Iar-Uachtarán Chumann Ionadaíochta na nGardaí, Frank Thornton, freisin gur chóir ranganna seachtracha féinchosanta a chur ar fáil go gach duine sa bhfórsa. Dúirt sé go bhfuil ocht mbliana déag imithe tharainn ó rinneadh seisean aon traenáil fhéinchosanta nó athbheochan chardascamhógach.