skip to main content

"Páistí i mbaol mar nár fiosraíodh líomhaintí mar ba chóir"

Coimisineir an Gharda Síochána, Drew Harris
Coimisineir an Gharda Síochána, Drew Harris

Tá glactha ag Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris le cinneadh Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána gur theip ar na Gardaí líomhaintí faoi dhrochúsáid ghnéasach a fhiosrú mar ba chóir.

Ba iad póilíní Mhanchain i Sasana a tharraing aird na nGardaí ar na líomhaintí faoin drochúsáid ghnéasach a dúradh a tharla in Éirinn.

Go deimhin, chuir póilíní Mhanchain tuairisc chuimsitheach faoi na líomhaintí chuig na Gardaí.

Dar le Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána, áfach, gur fíorbheagán a rinne na Gardaí faoi na líomhaintí agus gur fhág sé sin go raibh páistí fós i mbaol.

D'admhaigh Drew Harris inniu gur theip ar na Gardaí sa mhéid seo agus gheall sé nach dtarlódh a leithéid arís.

Dearbhaíodh gur cuireadh pionós ar chomhalta amháin den Gharda Síochána faoi fhaillí a dhéanamh ina d(h)ualgais agus faoi rialacháin smachta a shárú.

Dúradh nár fhiosraigh an Garda a bhí i gceist, nár fhiosraigh sé nó sí na líomhaintí mar ba chóir, agus gur theip air nó uirthi teagmháil a dhéanamh leis an té a rinne na líomhaintí lena rá leis nó léi cé mar a bhí ag éirí leis an bhfiosrúchán.

Tugtar cuntas ar an gcás i dtuarascáil bhliantúil Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána a foilsíodh inniu.

Deirtear sa tuarascáil freisin go raibh ardú 12% ar an líon gearán a rinneadh faoi na Gardaí le bliain.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen Mc Entee nach raibh ró-imní uirthi faoin ardú seo, ar léiriú é, dar léi, ar an ardú ar an líon Gardaí sa tír le bliain.

Mhaígh sí freisin gur bhain an t-ardú ar líon na ngearán le tuiscint níos fearr a bheith ag an bpobal ar obair an Choimisiúin.