Tá sé á mhaíomh ag iarthaidhleoir go ndúirt Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine Liz Truss sa bhliain 2019 gur "feirmeoirí a raibh roinnt tornapaí i gcúl a leoraithe acu" an t-aon dream in Éirinn a bhí imníoch faoi Bhreatimeacht gan chomhaontú.

Dar leis an iarthaidhleoir de chuid na Breataine Alexandra Hall Hall go ndearna Liz Truss an ráiteas le "meitheal machnaimh" caomhach i Washington i mí Lúnasa 2019.

Ag an am, bhí Alexandra Hall Hall ag obair mar chomhairleoir Breatimeachta i Washington do Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson agus bhí Liz Truss ina Rúnaí Stáit Trádála Idirnáisiúnta.

Luaigh Alexandra Hall Hall caint Liz Truss in alt a scríobh sí d'iris Mheiriceánach an fómhar seo caite ach níor ainmnigh sí í.

I bpostáil a chuir sí ar na meáin shóisialta aréir, ámh, dhearbhaigh Alexandra Hall Hall gurbh í Liz Truss an té a rinne trácht ar fheirmeoirí tornapaí in Éirnn.

Tá sé ráite ag an iarthaidhleoir cheana gur éirigh sí míshuaimhneach faoina cuid oibre nuair a hiarradh uirthi polasaithe Rialtas na Breataine a chosaint, polasaithe, a dúirt sí, nach bhféadfaí a chosaint.

Tá ráiteas maidir le caint Liz Truss iarrtha ag RTÉ ar Rialtas na Breataine.