Tá sí tarraingte ó chéile ag ionraidh agus cogaíocht ach bhí údar ceiliúrtha aréir ag muintir na hÚcráine i ndiaidh don tír an Comórtas Eoraifíse a bhreith léi.
Kalush Orchestra, banna ceoil tíre san Úcráin a bhí ag seasamh an fhóid don tír sa chomórtas.
Ghnóthaigh na buaiteoirí 631 pointe i ndiaidh na vótála uilig agus d'éirigh leo a bheith chun cinn ar éigin ar an Ríocht Aontaithe,an tSualainn agus an Spáin.
Bhí Éirinn i measc na dtíortha a thug 12 pointe (an líon is airde)don Úcráin agus ba léir lucht vótála a bheith tógtha leis an mbealach ar chan Kalush Orchestra a leagan féin den amhrán 'Stefania'.
Níor éirigh le hÉirinn cáiliú ar ndóigh don bhabhta ceannais den chomórtas a bhí ar siúl i Turin san Iodáil aréir.