Tugadh óráid go hiomlán i nGaeilge i gComhthionól Stormont den chéad uair riamh inniu.

Ba í feisire Shinn Féin do Bhéal Feirste Thiar Aisling Reilly a thug an óráid ghearr thart ar dhá nóiméad ar fhad a ndearnadh ateangaireacht bheo uirthi sa seomra tionóil agus ar líne.

Tá seirbhís ateangaireachta Ultaise ar fáil freisin.

Dúirt Aisling Reilly go raibh sé tábhachtach a thuiscint gurbh í seo an chéad uair a bhí feisire in ann óráid a dhéanamh go hiomlán i nGaeilge agus gur mhaith ann an ateangaireacht chomhuaineach.

Céim thábhachtach chun cinn í ó thaobh cearta teanga agus comhionannais de agus ba cheart do gach uile pháirtí tacú leis an gcor nua seo, ar sí.

Níl aon ábhar bagartha d'aon duine sa Ghaeilge ná in Acht Gaeilge, a dúirt Aisling Reilly chomh maith.

Tá eolas faoin tseirbhís ateangaireachta agus aistriúcháin i Stormont curtha ar fáil do gach feisire nuathofa.

Ar an drochuair, ní raibh fáil ag am a scríofa seo ar fhíseán glan den óráid gan an t-aistriúchán Béarla, agus níl sa mhéid thuas ach garleagan den mhéid a dúirt Aisling Reilly.