Tá tús á chur ag an Uachtarán Michael D Higgins le cuairt Stáit ar Phoblacht Mhálta inniu. Le linn na cuairte, a mhairfidh trí lá, buailfidh sé le hUachtarán Mhálta George Vella agus Príomh-Aire na tíre Robert Abela.

Casfaidh an tUachtarán chomh maith le ceannaire an fhreasúra Bernard Grech agus le Spéicéir Theach na nIonadaithe.

Seo an chéad chuairt ag ceann Stáit Éireann ar Mhálta ón mbliain 2006.

Bhí sé beartaithe an turas a thabhairt i mí na Nollag 2021 ach b'éigean é chur ar athló de dheasca Covid-19.

In éineacht leis an Uachtarán agus a bhean chéile Sabina, tá an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail Heather Humphreys.

I measc na gceisteanna a bheidh á bplé ag an Uachtarán Higgins le linn na cuairte, beidh an cogadh san Úcráin, méadú an Aontais Eorpaigh, athrú aeráide, Comhairle Slandála na Naisiún Aontaithe agus cúrsaí imirce i réigiun na Meánmhara.

Tabharfaidh an tUachtarán a phríomhóráid uaidh ag Ionad an Aontas Eorpaigh le haghaidh Tearmainn sa phríomhchathair Valletta.

Buailfidh sé le mic léinn in Ollscoil Mhálta agus leagfaidh sé bláthfhleasc os comhair leacht cuimhneacháin cogaidh in Floriana.

Chomh maith leis sin, tabharfaidh an tUachtarán turas ar shuímh sheandálaíochta agus ar láithreacha a bhfuil tábhacht stairiúil agus chultúrtha leo.

Maireann suas le 450,000 duine i Málta agus chuaigh an tír isteach san Aontas Eorpach in 2004 le linn thréimhse Uachtaránachta na hÉireann.

Iarchoilíneacht na Breataine is ea Málta a bhain a saoirse amach in 1964.

Meallann an t-oileán go leor turasóirí as Éirinn.

Deir Údarás Turasóireachta Mhálta gur thug breis agus 53,000 turasóir de bhunadh na hÉireann cuairt ar an tír in 2019, sular bhuail an phaindéim.