Tá sé ráite ag an Roinn Comhshaoil go bhfuil comhairle faighte acu ón Ard-Aighne nach bhfuil bunús dlíthiúil ar bith níos mó leis an mórionad gaoithe conspóideach i nDaraidh Braoin i Sliabh Eachtaí i ndeisceart na Gaillimhe a choinneáil i mbun oibre.
Dúirt an Roinn go gcaithfear an t-ionad a dhíchoimisiúnú chomh luath agus is féidir i riocht agus go gcloífear leis an dlí Eorpach.
Chuir Bord Soláthair an Leictreachais deireadh le táirgeadh leictreachais i nDaraidh Braoin mí Feabhra seo caite agus tá sé i gceist ag an gcuideachta Státurraithe an áit a dhíchoimisiúnú ó dhiúltaigh an Bord Pleanála "cead ionadaíoch" a thabhairt dóibh an t-ionad a choinneáil i mbun ginte leictreachais.
Os a choinne sin ar fad, áfach, d'iarr an Teachta Neamhspleách i nGaillimh Thoir Seán Canney ar an Rialtas sa Dáil le gairid reachtaíocht éigeandála a rith le cead a thabhairt don chuideachta leanúint orthu ag gineadh cumhachta san ionad a bhfuil 70 tuirbín gaoithe ann.
Mhaígh Seán Canney go bhfuil géarghá le foinsí fuinnimh iontaofa go háirithe i bhfianaise na géarchéime fuinnimh atá ann faoi láthair.
Dúirt Teachta Dála Fhine Gael sa cheantar Ciarán Cannon le Nuacht RTÉ/TG4 inniu gur mhaith dá mbeadh cead ag BSL leictreachas a ghiniúint ann ar bhonn eisceachtúil ach go bhfuil constaic mhór sa bhealach ar a bhfuil á mholadh aige.
"Cá bhfágfadh [an réiteach] sin údarás an Bhoird Phleanála ná go deimhin rialú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh?" ar sé.
Dúirt an tAire Stáit an Teachta Dála Anne Rabbitte le Nuacht RTÉ/TG4 gur cheart don Roinn Comhshaoil cead speisialta a iarraidh ar an Choimisiún Eorpach an t-ionad a choinneáil i mbun oibre ó ta géarghá le cinnteacht faoi sholáthar fuinnimh agus "foinse anseo againn ar leac an dorais."
Dúirt Martin Collins ó Ghrúpa Pobail Dharaidh Braoin nach féidir leis an Rialtas neamhaird a thabhairt ar rialú chúirt na hEorpa nuair is mian sin leo agus go gcaithfear an t-ionad a chur as feidhm chomh luath agus is féidir.
Tá breis agus €17 milliún d’fhíneálacha gearrtha ag an Choimisiún Eorpach ar an Stát ó Shamhain 2019 de bharr gur loic na húdaráis phleanála ar a ndualgas cloí le rialacha comhshaoil.
Tharla sciorradh talún ollmhór ar Shliabh Eachtaí in 2003 nuair a bhí na muilte gaoithe á gcur in airde ann.
Scriosadh na céadta acra portaigh agus feirme, agus díothaíodh stoc éisc an cheantair dá bharr.