Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha,Simon Coveney go bhfuil ceisteanna achrannacha ann i gcónaí i dtaca le Prótacál Thuaisceart Éireann agus go gcaithfear iad a réiteach ionas gur féidir leis na páirtithe ó thuaidh theacht le chéile.
Bhí an tAire Coveney ag tagairt do thoradh an toghcháin comhthionóil agus é ag caint ar an gclár raidió de chuid RTÉ,'This Week'.
Thréaslaigh sé le gach aon iarrthóir ar éirigh leis suíochán a bhaint amach sa gcomhthionól.
Thagair sé go speisialta do cheannaire Shinn Féin ó thuaidh,Michelle O'Neill agus an stair anois atá déanta ag an bpáirtí.
Dúírt sé freisin áfach gur bhraith sé gur díol suntais an méid a bhain an 'Alliance' amach sa toghchán seo, ag dúbailt a vóta 'agus gur léir anois an lár ag teacht chun cinn'.
Caithfidh comhpháirtíocht anois a bheith ann agus dianidirbheartaíocht le gur féidir na fadhbanna ar fad bainteach le Tuaisceart Éireann a shárú ar mhaithe leis an bpobal uilig.
'Tá freagracht anois freisin ar dhaoine cúnamh a thabhairt do pháirtithe an tuaiscirt theacht ar chomhréiteach' a dúirt an tAire Coveney.
Thug sé le fios gur thubaiste a bheadh ann dá dteipfeadh ar an gComhaontú seo anois.