skip to main content

6 mhí atá ag páirtithe ó thuaidh le rialtas a bhunú

Jeffrey Donaldson:Meastú an mbeidh sé féin agus an DUP toilteanach dul i mbun rialtais?
Jeffrey Donaldson:Meastú an mbeidh sé féin agus an DUP toilteanach dul i mbun rialtais?

Tá na suíocháin ar fad líonta anois i gComhthionól Thuaisceart Éireann agus tá 6 mhí ag na páirtithe uilig teacht le chéile agus rialtas a bhunú.

Má theiptear,caithfear dul i mbun vótála i dtoghchán nua.

Tá sé i gceist go dtiocfadh Comhthionól Thuaisceart Éireann le chéile an tseachtain seo chugainn chun iarracht a dhéanamh rialtas comhroinnte cumhachta a bhunú,

An Déardaoin an lá atá leagtha amach agus beidh le feiceáil cén glacadh a bheidh ag aontachtóirí le Sinn Féin, atá anois ar an bpáirtí is mó sa chomhthionól.

Leas-Uachtarán Shinn Féin, Michelle O'Neill

D'éirigh le Sinn Féin 27 suíochán a bhuachan, 2 cheann sa bhreis ar an bpríomh-pháirtí aontachtach,an DUP.

Seo an toradh iomlán agus comparáid leis an toghchán deiridh i 2017 idir na lúibíní.

Sinn Féin 27 (Níl aon athrú i líon na suíochán)

DUP 25 (-3)

Alliance 17 (+9)

UUP 9 (-1)

SDLP 8 (-4)

Eile 4

Dúirt Stát-Rúnaí an Tuaiscirt,Brandon Lewis, gur cheart anois na hinstitiúidí ar fad bainteach le Comhthionól Stormont a fheidhmiú in athuair mar gurb é sin 'mian na votóirí mar a léiríodh é sa toghchán seo'.

Dúírt an Taoiseach,Micheál Martin go raibh 'rialtas nua comhroinnte cumhachta de dhíth go géar ar phobal an Tuaiscirt agus go raibh dualgas ar na páirtithe uilig ar toghadh feisirí leo féachaint chuige go dtarlaíonn sé sin'.

De réir na bhforálacha,is le Sinn Féin post na céad-aireachta, cé go bhfuil an stádas céanna aige go hoifigiúil le post na leaschéad-aireachta a gcaithfear é a bhronnadh sa gcás seo ar an DUP.

Cinntíodh seo nuair a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta ar an 10Aibreán 1998.

Só croí agus bród ar Naomi Long,ceannaire an Alliance

Mar sin féin,déarfadh go leor go bhfuil agus go raibh an siombalachas tábhachtach i gcónaí i bpolaitíocht Thuaisceart Éireann agus go bhfágfaidh toradh rathúil Shinn Féin páirtithe na n-aontachtach a bheag nó a mhór, míchompórdach.

Féadfaidh páirtí an Alliance é féin a bheith sásta le toradh an toghcháin, a líon suíochán dúbailte aige go 17 anois.

Maidir le Páirtí Aontachtach Uladh (UUP) agus an páirtí náisiúnach SDLP, chonaic siadsan laethanta i bhfad ní ab fhearr sa Tuaisceart, an 2 pháirtí ba láidre ag bunú an chomhthionóil i 1998.

Tá a dtacaíocht tite go suntasach ó thosaigh Sinn Féin agus an DUP ag teacht chun cinn le scór bliain anuas.

Níl aon suíochán ag Comhaontas Glas anois i gComhthionól Stormont i ndiaidh dhó an péire a bhí aige ón toghchán deiridh, a chailleadh.

90 suíochán ar fad atá sa chomhthionól,toghtar 5 feisire tionóil as gach ceann de 18 toghlach ar fud Thuaisceart Éireann.

An cheist mhór:An rachaidh an DUP faoi cheannasaíocht Jeffrey Donaldson i mbun rialtais le Sinn Féin an babhta seo

Don chéad uair riamh,ní ag páirtí aontachtach atá an móramh sa Tuaisceart ach caithfidh an pobal sin glacadh anois leis nó diúltú do Shinn Féin sa chéad-aireacht.

Má thagann an diultú,d'fhéadfadh sé Comhaontú an Tuaiscirt agus gach a mbaineann leis a fhágáil i gcontúirt mhór nó teipeadh go hiomlán fiú mar a tharla i gcás Sunningdale sna seachtóidí.

Cnámh spairne mhór atá fágtha de bharr an Bhreatimeachta is ea Prótacal Thuaisceart Éireann agus an mhíshástacht atá cothaithe aige, i measc an DUP ach go háirithe.

Tá sé léirithe cheana ag ceannaire an pháirtí sin,Jeffrey Donaldson nach mbeidh aon bhaint ag an DUP leis an bhFeidhmeannas ó thuaidh má leantar leis an bprótacal.

Tá sé ráite ag ceannaire Shinn Féin ó thuaidh,Michelle O'Neill go bhfuil sise ar bís le go rachaidh a páirtí ar ais sa bhfeidhmeannas.

'Rialtas nua comhroinnte cumhachta de dhíth go géar ar phobal an Tuaiscirt'-Taoiseach

'Tá tábhacht le ceannasaíocht,tá tábhacht le comhionannas agus tá tábhacht le bheith i láthair, agus níl fáth ar bith nach mbeadh feidhmeannas againn an tseachtain seo chugainn', a dúirt an feisire tofa do Lár-Uladh inné.