skip to main content

Vótaí á gcomhaireamh i dtoghchán Chomhthionól Stormont

Ionad comhairimh Bhéal Feirste
Ionad comhairimh Bhéal Feirste

Tá na vótaí i dtoghchán Chomhthionól Stormont á gcomhaireamh ó mhaidin. Tá 239 iarrthóir ann agus 90 suíochán le baint.

Bhí Sinn Féin chun tosaigh ar gach páirtí eile sna pobalbhreitheanna réamhthoghcháin agus má fhíortaítear sin d'fhéadfadh leascheannaire an pháirtí Michelle O'Neill a bheith ina Céad-Aire.

Sa chás sin, bheadh sí ar an gcéad náisiúnaí le ceapadh sa phost feidhmitheach sin ó bunaíodh stát na sé chontae céad bliain ó shin.

Níl sé soiléir fós, áfach, an gceapfadh ceachtar den dá pháirtí aontachtacha LeasChéad-Aire dá mbeadh Sinn Féin in uachtar.

De réir na bpobalbhreitheanna céanna, cuirfidh Páirtí na Comhghuaillíochta le líon na suíochán atá acusan freisin agus d'fhéadfadh údaras cinnitheach a bheith acu i Stormont feasta.

Claonpháirtithe agus lucht comhairimh araon ag coinneáil an scóir

Measadh ag 9 a chlog aréir go raibh vóta caite ag 55% de na toghthóirí ach ní raibh gach uile cheann de na 600 ionad vótála curtha san áireamh ag an am sin.

I dtrí ionad éagsúla atá an comhaireamh ar siúl agus tá súil leis na chéad torthaí go gairid tar éis am lóin. Ní dóichí go mbeadh toradh iomlán ann go dtí amárach, áfach, ós toghchán aonvóta inaistrithe atá ann.

Tá sé i gceist go dtiocfaidh na páirtithe polaitíochta ar fad le chéile an tseachtain seo chugainn go bhféachfaidh siad le feidhmeannas nua a bhunú.

Tá sé ráite ag an DUP, ámh, nach nglacfaidh siadsan páirt i bhfeidhmeannas nua mura dtéitear i ngleic le Prótacal an Tuaiscirt, an cheist is mó atá ag déanamh tinnis dóibh ó d'imigh an Bhreatain as an Aontas Eorpach.

Creideann an DUP go mbaineann an prótacal an bonn de stádas bunreachtúil an Tuaiscirt taobh istigh den Ríocht Aontaithe agus go gcuireann sé isteach ar thrádáil idir an Tuaisceart agus an Bhreatain.