Tugadh le fios ag coiste cróinéara i gCo Dhún na Gall inniu nach leor ar chor ar bith na rialacháin sábháilteachta atá i bhfeidhm sa tír seo do bhádaí beaga.
Tá na cúinsí inar báthadh beirt fhear - stócach agus duine fásta - amach ó chósta Dhún na nGall in 2018 á bhfiosrú ag an gcoiste cróinéara.
Ag an éisteacht inniu, dúirt ionadaí ó Gharda Cósta na hÉireann nach raibh go leor eolais ar fáil dóibh le hoibríocht iomlán tarrthála a chur ar bun lá na tragóide.
Dúirt ionadaí ó Shábháilteacht Uisce na hÉireann gur lú an seans go dtarlódh tubaistí farraige dá mbeadh feidhm dlí le cuid mhaith de na rialacháin atá ann cheana féin.
Ar an 17 Iúil 2018 a báthadh Thomas Weir, sé bliana déag d'aois, as Albain, agus Gerry Doherty, 63 bliain, as an Bheart i gCo Dhún na nGall, nuair a chuaigh a mbád beag síos amach ó Chionn Mhálanna.

Thug bád eile tarrtháil ar fhear eile, Dessie Keenan, i ndiaidh dósan a bheith san uisce ar feadh breis agus cúig huaire an chloig.
Dhearbhaigh seisean inniu gur chuir sé scairt ar na seirbhísí éigeandála le guthán a bhí cláraithe sa Tuaisceart go gairid i ndiaidh 10 a chlog an mhaidin sin.
Dúirt sé gur chuimhin leis a rá ar an bhfón go raibh an bád suite amach ó Chionn Mhálanna agus go raibh sí ag dul faoi uisce, ach nár éirigh leis an scairt a chríochnú.

Dúirt bainisteoir Gharda Cósta Chionn Mhálanna ag an am Derek Flanagan nach raibh go leor eolais ag an oibrí a bhí ar dualgas an mhaidin sin, Seán Diver, faoi fhírinneacht na scairte éigeandála nár mhair ach 27 soicind agus nach raibh a fhios acu cá raibh an bád dá bharr sin.
Ní raibh ar eolas acu ach an crann cumarsáide i nDún na nGall ar bhain an scairt leis, a dúirt sé.
D’admhaigh sé nach raibh aon eolas ag Seán Diver faoin chóras Playback ar féidir éisteacht siar le teachtaireachtaí air.
Dá dtigeadh an scairt inniu, a dúirt sé, bhainfí leas as Playback agus chuirfí acmhainní uilig an Gharda Cósta ar fáil don tarrtháil.
Thug Derek Flanagan le fios fosta nach raibh go leor tábhachta tugtha d'uimhir úr HOTLINE a scaip an tSeirbhís Freagartha Glaonna Éigeandála in 2017.
Dar le Roger Sweeney ó Shábháilteacht Uisce na hÉireann gur cheart go mbeadh sé ina oibleagáid dhlíthíúil seaicéad tarrthála a chaitheamh.
Dúirt sé fosta nach leor guthán póca mar mhodh cumarsáide ar bhád ar bith.
D’aontaigh an giúiré gur cheart glacadh leis an moladh deireanach seo; gur cheart cód cleachtais agus sábháilteachta do bhádaí pléisiúir a athnuachan; agus gur cheart iarraidh ar an Rialtas traenáil éigeantach a ordú do gach duine atá i gceannas ar bhádaí den chinéal seo.