Tá iarrachtaí á dtreisiú sa Daingean, Co Chiarraí, d'fhonn iarphictiúrlann an bhaile a cheannach agus a fhorbairt mar amharclann agus ionad ealaíon don bpobal.
Dúnadh pictiúrlann an Phoenix anuraidh tar éis di a bheith ar an bhfód le breis agus 100 bliain.
Tá suíomh na pictiúrlainne ar díol anois agus measann lucht feachtais go mbeidh suas le €1.5 milliún ag teastáil chun é a cheannach agus an láthair a fhorbairt.
Sa bhliain 1919 a hosclaíodh an phictiúrlann sa Daingean ar dtúis.
Dódh go talamh í dhá bhliain ina dhiaidh sin ach atógadh í, agus sin é is bun lena hainm.
Bhí an Phoenix ina seilbh ag muintir Shúilleabháin ó 1979 i leith.
D'fhan an Phoenix dúnta le linn na paindéime agus i mí na Samhna seo caite d’fhógair muintir Shúilleabháin ná beadh sí ag oscailt arís.
Tá an phictiúrlann agus an suíomh taobh léi ar díol anois.
Ta coiste pobail bunaithe agus é mar chúram orthu maoiniú a aimsiú chun an phictiúrlann a cheannach.
Cuirfear tús le feachtas bailithe airgid ar shuíomh idirlín Kickstarter an tseachtain seo chugainn.
B'fhearr leis an gcoiste maoiniú a fháil ó infheisteoirí ach tá foinsí maoinithe eile á scrúdú acu leis.
Deir Aoife Ní Ghrainbhéil ó Choiste Ionad Phoenix go mbeadh spéis mhór ag forbróirí sa suíomh atá i gcroílár an bhaile ach go raibh an coiste dóchasach go bhféadfaidís dóthain airgid a bhailiú chun tairiscint láidir a dhéanamh iad féin.