skip to main content

Méadú 32% ar an méid aibhléise a chaith ionaid sonraí anuraidh

Oibrí aonair in ionad sonraí
Oibrí aonair in ionad sonraí

Tá an méid leictreachais a chaitheann ionaid sonraí sa tír seo ag méadú go suntasach, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh.

Léiríonn na figiúirí nua gur méadú 32.3% a bhí i gceist in 2021 ón mbliain roimhe sin.

Tuilleadh ionad sonraí a bheith tógtha agus tuilleadh leictreachais a bheith á chaitheamh ag na cinn atá ann cheana féin idir an dá linn sin is siocair leis an athrú mór, dar leis an lucht staidrimh.

Athrú ábhalmhór atá ann go deimhin nuair a chuirtear figiúirí ráithiúla na mblianta 2015 agus 2021 le hais a chéile.

Dá réir sin, is méadú 265% a bhí ar an méid leictreachais a chaith ionaid sonraí idir Eanáir-Márta 2015 agus Deireadh Fómhair-Nollaig 2021.

Méadú 5.4% a bhí ar an méid leictreachais a caitheadh sa tír seo trí chéile anuraidh. Méadú 16%, ámh, a bhí i gceist idir 2015 agus 2021.

Cothaíonn na dála nua seo deacrachtaí do Eirgrid, an chuideachta Státurraithe atá freagrach as an eangach náisiúnta leictreachais.

Tá moratóir curtha ag Eirgid ar ionaid nua sonraí i limistéar Bhaile Átha Cliath le dul i ngleic leis an dúshlán agus lena chinntiú go soláthrófar a gcuid riachtanas leictreachais do gach ceantar sa Stát i dtosach.

Faoi láthair, tá dhá cheann déag d'ionaid ollmhóra sonraí sa tír a bhfuil níos mó na deich meigeavata leictreachais ag teastáil uathu.

Tá 70 ionad sonraí idir mhór agus réasúnta mór ann.