I gCúirt i Londain inné, gearradh 2 bhliain go leith de théarma príosúin ar dhuine de na himreoirí ab fhearr riamh a lasc liathróid 'Slazenger' ar chúirt leadóige.
Sháraigh Boris Becker a chuid téarmaí féimheachta agus gearradh píonós dá réir ar an Ghearmánach.
Bhain an cás in aghaidh an iar-réalt leadóige leis an gcúis nár nochtaigh sé go hiomlán a chuid sócmhainní, nuair a fógraíodh bancbhriste an fear i 2017.
Fuarthas an t-iar uimhir a haon ar domhan ciontach níos luaithe an mhí seo as na céadta punt a aistriú óna chuntas gnó agus ciontach chomh maith i dteipeadh eolas a chur ar fáil faoi mhaoin atá aige sa Ghearmáin.
Ciontaíodh Boris Becker in iasacht bainc luach €825,000 a choiméad i bhfolach chomh maith le scaireanna luach 75,000 i gcomhlacht teicneolaíochta.
Is coir thromchúiseach sócmhainní a cheilt i gcás den tsórt seo.
Ghearr Cúirt Chorónach Southwark i Londain an píonós air beag beann ar a cháil ná an cumas a léirigh sé go minic sa chathair chéanna sna blianta siar.
Strapaire fir a bhí ann, gan aige ach aois buachalla scoile nuair a tharraing sé aird an domhain air féin ar an bplásóg cháiliúil féir sin in iardheisceart Londain beagnach 37 bliain ó shin.
Díol suntais ab ea an luas a chuirfeadh sé faoi liathróid le linn a chuid seirbheála, go minic é sa bhreis ar 130 míle san uair.
Thabharfá suntas freisin dá shlacht, dá airde, dá ghuaillí, dá lúthchleasaíocht agus dá ghluaiseacht coirp.
Cuimhneofar freisin ar shearradh fisiciúil na colainne agus é á chaitheamh féin trasna na cúirte geall leis le go mbéarfadh a raicéad ar liathróid a shílfeá a bhí ag imeacht uaidh go dtí an nóiméad deireanach.
Ba mhaith ann an 'Becker Hecht' agus an leasainm 'Baron Von Slam' an eangaigh tuillte go maith aige.
Thar aon ní eile, chuir mná go speisialta spéis sa bhfolt breá fionn gruaige sin, an 'Strawberry Blonde' agus a chloigeann cromtha ag Boris ag fáil faoi réir do choimhlint na cúirte.
Droch-Shamhradh a bhí ann anseo in Éirinn i 1985.
Ní mórán ní ab fhearr a bhí an aimsir ar uairimh i Londain agus Meitheamh ar tí géilleadh do mhí Iúíl.
Ba mhinic príomh-réiteoir an chomórtais,Alan Mills ag breathnú in airde spéire, cor agus cúiteamh ar cheart an brat mór a tharraingt trasna Phríomhchúirt Wimbledon mar go mbíodh braon báistí á bhagairt.
Ceapadh go sáródh an comórtas an choicís a bhí leagtha amach dó, fiú dul isteach sa triú seachtain i bhfianaise na haimsire briste i Sasana.
Ach imríodh cluiche ceannais na bhfear ar an lá a bhí socraithe dó, agus rinneadh stair ar an An Domhnach sin, 7Iúil 1985 mar gurbh é Boris Becker an t-imreoir ab óige riamh le Craobh Wimbledon a chrochadh leis.
Chloígh an t-ógánach ó Leimen as réigiún Heidelberg an fear ón Afraic Theas a raibh an-bharúil dó,Kevin Curren sa chluiche ceannais an lá sin.
Is ar éigin go raibh a fhios ag formhór na ndaoine a d'fhair na cluichí cérbh é an fear seo ag tús an chomórtais.
Ach bhí a fhios sin acu ar deiridh.
Déarfadh go leor nach raibh an toradh riamh in amhras mar go raibh a smacht féin ag an nGearmánach ar an gcluiche seo ó thús deiridh,ainneoin gur chaill sé an dara seit.
Ar deiridh, bhuaigh sé 6-3,6-7,7-6,6-4 agus é £130,000 níos saibhre dá bharr.
Ní raibh ann uilig ach an tús don té nach raibh ach 17 bliain, 7 mí agus 15 lá.
Bhuaigh sé Wimbledon arís i 1986 agus don uair dheiridh i 1989.
Bhuaigh sé trí mhór-chomórtas leadóige eile agus Bonn Óir Oilimpeach.
Ba é Comórtas Oscailte na Fraince an t-aon cheann ar fiú trácht air nár éirigh le Becker a bhuachan.
Tá suim thar na bearta freisin aige i gcluiche mór le rá eile nach minic an deá-cháil air.
Sin pócar.
Déarfadh go leor gur mhinic leis na tréithe a santaítear do chluiche dá léithid a úsáid freisin ina chaidreamh le mná.
Liosta le háireamh an líon ban atá luaite leis; ag Dia atá a fhios cé mhéad bean eile ar chaith an 'Becker Blocker' oíche ina dteannta.
Cé gur tógadh Boris mar Chaitliceach,ní ag freagairt an phaidrín ba mhó a dhéanadh tinneas dó agus na mná ag coinneáil comhluadair leis.
Bhí Karen Schultz ag suirí leis 1988-91,sna sála uirthi sin tháinig Cassandra Hepburn 1991-92, go dtí go ndeachaigh sé go haltóir le Barbara Feltus i 1993.
Bhí sise 8 mí torrach ag an am.
Ní foláir nó shocraigh Boris gurbh fhearr don pháiste óg é go mbeadh deaidí agus mamaí pósta sula saolófaí é.
Bhí páiste eile acu le chéile roimh an cholscartha i 2001, Boris caillteach €14.4m ansin agus na beirt pháistí fanta lena máthair.
An bhliain chéanna d'admhaigh sé gurb é athair an pháiste é a saolaíodh do fhreastalaí Rúiseach,Angela Ermakova tamall roimhe sin.
Bhí sé séanta aige roimhe sin.
Ba léir caidreamh a bheith eatarthu agus Boris pósta le bean eile.
Bhí sé geallta ar feadh tamaill le Alessandra Meyer-Wolden i 2008, ach ní dheachaigh sin ní ab fhaide.
I bhFeabhra 2009 d'fhógair Boris a ghrá don aisteoir ón Ísealtír,Lilly Kerssenberg.
Phós siad , bhí mac amháin acu ach theip ar an gcaidreamh sin i 2018.
Ach an oiread lena chaidreamh le mná, is ar éigin a raibh Becker mórán ní ab fhearr lena chuid airgid.
Gach ar thuill sé (breis is $25m a deirtear) i gcaitheamh a chuid imeartha, ceaptar gur beag más tada é atá fágtha anois aige.
Bhí an t-ádh air scór bliain ó shin nach ndeachaigh sé i bpríosún nuair a dhaor Cúirt i Munich sa Ghearmáin é i seachaint chánach.
Bhí 2 bhliain gearrtha air an tráth sin i 2002 ach níor chaith sé lá sa phríosún, fíneáil €500,000 buailte air ina áit.
I 2015 tugadh chun cúirte arís é, banc príobháideach a bhí i gceist an tráth seo agus é ráite aige go raibh £14m dlite dó ó Becker.
Is é an cás sin, ina raibh 4 chúis curtha ina leith faoin Acht Dócmhainneachta, faoi ndear na trioblóide seo is deireanaí a bhfuil sé ann.
Caithfidh sé anois ar a laghad 14 mí den téarma príosúnachta sin a chaitheamh laistiar de bharraí an phríosúin.
Saorfar ar cheadúnas é don chuid eile dá théarma.