skip to main content

Téarma Príosúin 2.5 bliain gearrtha ar an réalt leadóige Boris Becker as a théarmaí féimheachta a shárú

Tá téarma príosúin 2.5 bliain gearrtha ar an réalt leadóige Boris Becker as a chuid téarmaí féimheachta a shárú.

Cuireadh Boris Becker, atá 54 bliain d'aois anois, iar-imreoir leadóige cáiliúil a bhuaigh Comórtas Wimbledon trí huaire chun príosún ar feadh 2.5 bliain inniu ag Cúirt Chorónach Southwark i Londain ó fuarthas ciontach é i gcúiseanna a bhain lena féimheacht i 2017.

Fuarthas an t-iar uimhir a haon ar domhan ciontach níos luaithe an mhí seo as na céadta punt a aistriú óna chuntas gnó agus ciontach chomh maith i dteipeadh eolas a chur ar fáil faoi mhaoin atá aige ina bhaile dúchais, Leimen sa Ghearmáin.

Ciontaíodh Boris Becker in iasacht bainc luach €825,000 a choiméad i bhfolach chomh maith le scaireanna luach 75,000 i gcomhlacht teicneolaíochta.