Tá díomá curtha in iúl ag an ngrúpa caomhnaithe Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann le seasamh na gníomhaireachta Teagasc a deir go bhfuil maitheas éigin ag baint le tinte sléibhe a lasadh i gcúinsí áirithe.

I bplécháipéis a d'fhoilsigh Teagasc níos luaithe i mbliana, deirtear go bhfuil athruithe ar chleachtais feirmeoireachta ar thalamh ard agus an titim ar an daonra, go bhfuil siad tar éis cur leis an laghdú ar an mbeostoc i gceantair áirithe.

Deirtear leis go bhfuil baol ann go dtréigfear tuilleadh talún, go méadóidh fásra feoite agus go gcuirfidh seo ar fad le líon na dtinte sléibhe.

Dar le Catherine Keena ó Theagasc gur féidir leas a bhaint as tinte sléibhe mar mhodh bainistithe ach an scil, an t-eolas agus an cur chuige ceart a bheith ag daoine.

Dúirt Pádraig Fogarty ó Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann, áfach, go scriosann tinte sléibhe a mbíonn rompu agus gur minic a imíonn siad ó smacht.

Dúirt sé chomh maith go gcaithfear an dó agus an deatach a mheas i bhfianaise an téimh dhomhanda.

Tá an eagraíocht ag iarraidh bac iomlán a chur ar dhó sléibhe gach aon tráth den bhliain sa tír seo. "Tá athrú meon aigne ag teastáil ó Theagasc," a mhaígh an Fógartach.

Faoi láthair, níl cead tinte sléibhe a lasadh idir 1 Márta agus 31 Lúnasa.

Dúirt Breandán Seoighe ó Chumann Feirmeorí Cnoic agus Natura na hÉireann gur deacair dósan tuiscint a bhaint as moladh na heagraíochta caomhnaithe, go háirithe ó tá glactha le dó sléibhe i gComhpholasaí Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh.

Thug sé le fios chomh maith mura ndóitear an fásra ar thalamh ard gur ag dul i méid a bheidh sé i gcaitheamh na mblianta agus go mbeidh tinte sléibhe i bhfad níos fairsinge dá dheasca.

Tá foláireamh flannbhuí maidir le tinte sléibhe i bhfeidhm faoi láthair agus tá fios curtha ar na seirbhísí dóiteáin i gcúpla contae le laethanta beaga anuas chun tinte a cheansú.