Tá ómós tugtha i gCill Airne d'ocht bhfear déag a bhunaigh Cumann Lúthchleas Gael na gCrócach ar an mbaile sin 135 bliain ó shin.

Ba é Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael Larry McCarthy a nocht leac a dheineann comóradh ar bhunú ceann dos na cumainn is sine agus is cáiliúla sa tír.

Bunaíodh Cumann na gCrócach ar an 2 Samhain 1886 le linn cruinnithe rúnda a d’eagraigh náisiúnaithe agus a tionóladh i mbothán gar do pháirc an aonaigh i gCill Airne.

Aréir, d’fhreastail baill an chumainn ar ócáid speisialta in aice láthair an chruinnithe stairiúil. I measc an tslua bhí cuid de shliocht na mbunaitheoirí.

Foireann na gCrócach tráth dá raibh

Dúirt Éamonn Mac Gearailt ó Chumann na gCrócach gur léirigh bunaitheoirí an chumainn misneach agus crógacht toisc gur tharla an cruinniú go rúnda le linn Chogadh na Talún, tráth a raibh an RIC ag cur cosc ar chruinnithe dá leithéid.

Le linn na hócáide, deineadh tagairt don ról lárnach a bhí ag ball eile den gcumann i gceannach agus i bhforbairt Pháirc an Chrócaigh.

Páirc na gCrócach, Cill Airne

Ba é 'Small’ Ger O’Leary ó Chill Airne a mhol do choiste náisiúnta Chumann Lúthchleas Gael gur chóir páirc Bóthar Mhic Sheoin i mBaile Átha Cliath a cheannach. Ar an láthair sin atá Páirc an Chrócaigh inniu.

Ar taispeáint i gClubtheach na gCrócach aréir bhí Corn an Chrócaigh, curadhmhír an chomórtais speisialta a heagraíodh mar chuid d’fheachtas bailithe airgid, airgead a húsáideach chun Páirc an Chrócaigh a thógaint.