Tá sé tugtha le fios ag duine de bhunaitheoirí Twitter Jack Dorsey go bhfuil sé an-sásta go bhfuil an comhlacht meáin shóisialta le ceannach ag an bhfiontraí fíorthoiciúil Elon Musk ar $44 billiún.
Dúirt Jack Dorsey go bhfuil muinín aige as an mbeart sin thar aon mhargadh eile a d'fhéadfaí a dhéanamh.
Is mór an gar é, dar le Jack Dorsey, go gcuirfidh Elon Musk modh oibre nua i bhfeidhm sa chomhlacht agus nach mbeidh Twitter ag brath feasta ar fhógraíocht ná ar mhargaí airgeadais Wall Street.
Príomhfheidhmeannach na gcomhlachtaí Tesla agus SpaceX is ea Elon Musk, ar de bhunadh na hAfraice Theas é, agus maítear gurb é an duine is saibhre faoin mbith é.
Tá sé le Twitter a cheannach ar $54.20 an scair.
Bhí bord Twitter go mór in aghaidh an comhlacht a dhíol le Elon Musk ar an gcéad ásc, ach ghéill siad nuair a leasaigh sé a thairiscint agus nuair a deimhníodh go raibh an maoiniú faighte aige.
Tá imní ar roinnt daoine, áfach, go dtabharfaidh Elon Musk cead fara agus fré do mhaistíní méarchláir agus lucht na mbréag a rogha rud a chur ar Twitter feasta agus nach gcuirfear aon iúl i gcúrsaí rialála.
Tá 500 duine ag obair do Twitter i gceanncheathrú Eorpach an chomhlachta i mBaile Átha Cliath.