skip to main content

'Aontóidh mé an Fhrainc'-Macron

'Aontóidh mé an Fhrainc'-Macron
'Aontóidh mé an Fhrainc'-Macron

Dúirt Emmanuel Macron, atá atofa anois mar uachtarán ar an bhFrainc, go n-aontódh sé an tír agus go mbeadh sé ansin mar cheannaire don chosmhuintir uilig.

58% de sciar an vóta a fuair Macron.

Chloígh sé a chéille comhraic,Marine Le Pen sa dara babhta vótála inné d'uachtaránacht na tíre.

An toradh: Méadú ar vóta Le Pen ón uair dheiridh i 2017

Agus é ag ceiliúradh a bhua aréir, dúirt Emmanuel Macron le slua daoine a bhí bailithe lámh leis an Túr Eiffel gur vótáil líon suntasach dósan ar mhaithe lena chinntiú nach ise a bheadh ina huachtarán

Tá an dara téarma oifige bainte amach anois aige, an chéad uachtarán reatha le scór bliain ar éirigh leis 2 thoghchán a bhuachan i ndiaidh a chéile.

Díol imní dó áfach gur thit a thacaíocht ón toghchán deiridh ansin i 2017 agus go bhfuil tacaíocht Le Pen agus an páirtí atá i bhfad ar dheis, méadaithe.

Marine faoi scáth an Túir Eiffel

Aréir dúírt Marine Le Pen, a rinne i bhfad níos fearr sa toghchán seo i gcomparáid le 2017, go mba léir go bhfuil athrú ag teastáil ó mhuintir na Fraince agus nach loicfeadh sí riamh orthu.

Tá comhghairdeas déanta ag Uachtarán Mheiriceá,Joe Biden le Macron.

Dúirt seisean gur comhpháirtí tábhachtach í an Fhrainc sna hiarrachtaí dul i ngleic leis na dúshláin ar fud an domhain.

'Go leor a vótáil dom le Le Pen a choinneáil as oifig'-Macron

Rinne an Taoiseach Micheál Martin amhlaidh freisin agus é ag moladh ceannasaíocht an Uachtaráin Macron.

Thagair an Taoiseach do fhear ar mór leis bunluachanna an Aontais Eorpaigh agus an tacaíocht atá léirithe do chás na hÚcráine in aghaidh na Rúise.

Tá ceannairí domhanda eile i ndiaidh fáilte chroíúil a chur roimh bhua toghchánaíochta an Uasail Macron,ina measc Uachtarán na hÚcráine,Volodymyr Zelensky.