Ar an gclár 'This Week' ar RTÉ Raidió 1 tráthnóna, thug an t-innealtóir Aidan O' Connell le fios go bhféadfadh sé go bhfuil tithe i 12 contae thíos le fadhb an mhíoca agus gur tuairim is €5bn a leigheasfaidh é.
Sin breis agus dhá oiread an airgid atá i gceist ag an Rialtas a chur i leataobh don obair seo.
€2.2bn atá geallta ag an Rialtas chun fadhb na mblocanna lochtacha i dtithe cónaithe, a bhfuil a bhformhór díobh is cosúil i gCo.Dhún na nGall.
In aighneacht a chuir an Teachta Dála de chuid Shinn Féin,Eoin Ó Broin faoi bhráid an ghrúpa oibre atá ag scrúdú an scéil, deir sé go gcaithfear cúiteamh 100% a bhronnadh orthu siúd atá thíos leis an ghéarchéim.
Tá an grúpa oibre seo le tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire Tithíochta i mí Bealtaine maidir leis an bhfadhb.
Ar 'This Week' freisin inniu dúirt an Teachta Dála ón gClár,Cathal Crowe (FF) go mbeadh seisean ag cur aighneacht isteach le go dtiocfadh tithe i gCo.an Chláir faoin Scéim Cúitimh Míoca.