Léiríonn na pobalbhreitheanna i ndiaidh thoghchán na hUachtaránachta sa Fhrainc go mbeidh téarma eile 5 bliana ag an uachtarán reatha, Emmanuel Macron.
Léirítear 58% den vóta a bheith aige, breis is 41% atá tuartha dá chéille comhraic,Marine Le Pen.
Tá Marine Le Pen i ndiaidh glacadh leis nach n-éireoidh léise ach dúirt sí gur léir go bhfuil pobal na Fraince ag santú an athraithe i bhfianaise ardú ina vóta sise.

Le Pen (ar chlé) ag géilleadh. Macron ag rá go mbeidh na 5 bliana seo romhainn 'difriúil'.
'Ní thréigfidh mé muintir na Fraince go brách' a dúirt sí.
Gheall Emmanuel Macron go mbeadh difríocht mhór le braith ina thréimhse uachtaránachta sna 5 bliana atá romhainn i gcomparáid leis an gcéad théarma atá díreach curtha isteach aige ó 2017.
'Caithfear díriú anois' a dúirt sé 'ar an dream seo nár vótáil domsa agus dul i gcion orthu sna blianta amach romhainn'.
48m duine a bhí cláraithe le vóta a chaitheamh.
Ní fhaca líon na vótóirí riamh chomh tearc i dtoghchán na huachtaránachta sa Fhrainc le breis is 50 bliain.
Níos lú ná dhá thrian den phobal vótála a tháinig amach.
Ní raibh an figiúr seo chomh híseal cheana sa tír ó 1969 de réir na gcuntas.

Toghchán cinniúnach a bhí ann do phobal na Fraince
Bhí feachtas Le Pen an babhta seo dírithe níos mó ar an gcostas maireachtála do ghnáth-shaoránaigh na Fraince, agus shílfeá nach raibh an oiread céanna béime aici ar cheist na n-inimirceach agus an phobail Ioslamaigh.

Marine le Pen ag caitheamh a vóta níos túisce
Áiríodh an toghchán seo a bheith ar an gceann ba chinniúnaí sa bhFrainc ó aimsir Charles de Gaulle.

Emmanuel Macron ag caitheamh a vóta