skip to main content

An Fhéile ar ais tar éis 3 bliana agus 4 dhráma á léiriú i rith an deireadh seachtaine ar stáitse Sheanscoil Sailearna

Tosóidh an scléip ar stáitse anocht i gConamara
Tosóidh an scléip ar stáitse anocht i gConamara

Tá sé 3 bliana ó bhí an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ar siúl agus lucht féachana beo san amharclann, tráth ar reachtáil An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta an Fhéile i nGaoth Dobhair.

Ó shin mar gheall ar Covid a 19 b'éigean drámaí a léiriú airlíne ach i mbliana tá an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ar ais i Seanscoil Sailearna i gCois Fharraige i gConamara agus compántais ó cheann ceann na tíre ag léiriú 4 dhráma.

Seán Ó Morónaigh ag Seanscoil Sailearna tráthnóna

Deir Stiurthóir an Chomhlachas Náisiúnta Drámaíochta Seán Ó Morónaigh go bhfuil féile na bliana seo ar scála níos lú de bharr na haicíde ach go bhfuil ard-chaighdeán sna drámaí atá á gcur ar stáitse, ag comhlíonadh sprioc an Chomhlachais a deir sé, a bunaíodh i 1976.

Tá 15 dráma nua scríofa ag Prionsias Ó Cuillinn atá bainteach le Aisteoirí Mhíobhaigh as na Dúnaibh i dTír Chonaill agus beidh ceann acu ar ardán anocht, "Peacadh Cholm Cille".

I measc na n-imeachtaí amárach beidh Éigse na Féile ar bun ag a mbeidh scéalaíocht agus agallaimh beirte, agus ina dhiaidh taispeánfar ar an scáileán mór sa tSeanscoil, físeán a tógadh i 1992 den dráma "An Mhéar Fhada" a scríobh Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha.

Cuirfear tús leis an bhFéile ag a 8 a chlog anocht leis an dráma "Cogar sa Pháirc" ó Aisteoirí an Lóchrainn as Ceatharlach.

Bronnfar gradaim ar na buaiteoirí san oíche amárach i Seanscoil Sailearna.