skip to main content

"Amhrastach Foirmeálta" déanta de Ghearmánach a bhfuil amhras faoi go raibh baint aige le marú an pháiste.

15 bliain atá Madeleine McCann imithe gan tásc gan tuairisc
15 bliain atá Madeleine McCann imithe gan tásc gan tuairisc

Tá údaráis na Portaingéile tar éis "amhrastach foirmeálta" a dhéanamh de Ghearmánach a bhfuil amhras le tamall faoi go raibh baint aige le Madeleine McCann atá ar iarraidh le 15 bliain.

Thug cúisitheoirí sa nGearmáin le fios arú anuraidh go raibh an fear, Christian Brueckner atá 44, á fhiosrú acu ach níor cúisíodh riamh é.

Póilíní sa nGearmáin i mbun fiosraithe i gcás an chailín bhig

Tá sé tugtha le fios gur ciontaíodh Christian Brueckner cheana faoi choireanna gnéis agus creideann lucht an fhiosraithe gur mharaigh sé Madeleine nuair nach raibh sí ach 3 bliana d'aois tar éis dó an cailín beag a fhuadú as árasán saoire i Praia da Luz sa bPortaingéil, mí na Bealtaine 2007.

Deir Oifig na gCúisitheoirí Coiriúla i Faro sa tír sin inniu go bhfuil "arguido" nó "amhrastach foirmeálta" déanta acu den fhear faoin dlí.

Muintir Madeleine, Kate agus Gerry McCann

Tá a ainm foilsithe a deir siad de bharr comhoibriú le údaráis sa nGearmáin agus sa mBreatain.

Tá Christian Brueckner sa bpríosún faoi láthair ina thír dhúchais tar éis dó a bheith ciontaithe as bean 72 bliain d’aois as Meiriceá a éigniú i 2005, ach cheadódh an stadas "arguido" é a aistriú chun na Portaingéile agus é a cheistiú faoi chás Madeleine McCann.

Meastar go bhfuil baint ag an gcasadh nua sa scéal le reacht na dtréimhsí sa bPortaingéil. Faoi dhlí na tíre sin ní iondúil go gceadaítear cúisiú i gcásanna a théann siar níos mó ná 15 bliain.

D’fhágfadh sé sin nach mbeifí in ann an Gearmánach a chúisiú tar éis an 3ú Bealtaine.