Tá an iris Ghaeilge Comhar ceithre scór bliain ar an bhfód i mbliana agus beidh ócáid speisialta ar siúl sa Mhúsaem Náisiúnta Cló i mBaile Átha Cliath tráthnóna leis an gcloch mhíle seo a cheiliúradh.
Is iad lucht na heagraíochta idir-ollscoile, An Comhchaidreamh, a bhunaigh an iris mhíosúil sa bhliain 1942.
Foilsíodh an chéad eagrán i mBealtaine na bliana sin, tráth a bhí páipéar gann in Éirinn agus an Dara Cogadh Domhanda faoi racht seoil.
Deirtear go raibh páipéar chomh gann sin go mb'éigean d'eagarthóirí na hirise cead speisialta a lorg ar an Aire Seán Lemass lena cur i gcló.

Roimh an ócáid inniu, tharraing duine de bheirt eagarthóirí Comhar - Seán Tadhg Ó Gairbhí - aird ar chrá croí a leithéidí féin san fhor-iarnua-aois:
"Cuimhnigh ar na giuirléidí go léir a bhíonn síoraí ag iarraidh d'aird a tharraingt agus do chuid ama a mheilt, ar na cúraimí eile go léir a bhaineann le tiaráil an tsaoil.
"Ach in ainneoin an fhothraim agus an fhuadair sin go léir tá an iris bheag Ghaeilge seo i do lámha agat á léamh."
Dúirt an tOllamh Alan Titley gur "chothaigh Comhar scríobh, litríocht agus machnamh na Gaeilge le ceithre scór bliain anuas.
"Is ann riamh a bhí plé, díospóireacht, aighnis, greann, géire agus gaois. Is saibhrede Éire Comhar."
Seoltar Comhar chuig síntiúsóirí ar fud an domhain.
Cuirtear cóip chrua agus eagrán leictreonach ar fáil dóibh mar chuid den síntiús.
Tá síntiúis ar fáil ar €70 in Éirinn agus €90 thar lear. €40 a ghearrtar ar mhic léinn.
Faigheann Comhar tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus ón gComhairle Ealaíon.