skip to main content

Bigil in ómós Kate Moran i mBaile Átha an Rí anocht

Kate Moran (Pic: INPHO/Lorraine O'Sullivan)
Kate Moran (Pic: INPHO/Lorraine O'Sullivan)

Is í Kate Moran as Muine Mheá, Co na Gaillimhe, an bhean óg a fuair bás inné tar éis a gortaithe i gcluiche camógaíochta ar an Luan.

Tharla an taisme in Ard Raithin i ndeisceart na Gaillimhe agus í ag imirt do chumann Bhaile Átha an Rí i gcluiche sinsir in aghaidh an chumainn áitiúil.

Cuireadh cóir leighis éigeandála ar Kate ar an bpáirc imeartha agus tugadh í ar héileacaptar go hOspidéal na hOllscoile i nGaillimh, mar ar cailleadh í ar maidin inné. Bhí sí 20 bliain d'aois.

Thug Cumann Camógaíochta Bhaile Átha an Rí ómós do Kate i bpostáil Facebook á rá gur togha ceannaire a bhí inti agus gur bhreá an sampla thug sí do dhaoine óga.

Dúradh gur bhain sí cúig bhonn craoibhe ag aoiseanna éagsúla i gcomórtais éagsúla ó thosaigh sí ag imirt don chumann.

Beidh bigil faoi sholas coinnle ina hómós i bPáirc Uí Chionnaith i mBaile Átha an Rí ag 9 a chlog anocht.

Tá cluichí camógaíochta an deireadh seachtaine seo i nGaillimh curtha ar athló mar chomhartha ómóis di chomh maith.