Tá an tUachtarán Michael D.Higgins agus an Taoiseach Micheál Martin i láthair ag searmanas míleata ar Shráid Uí Chonaill,Baile Átha Cliath agus comóradh á dhéanamh ar Éirí Amach 1916.
Tá ionadaithe óna Fórsaí Cosanta, ón Aerchór agus ón gCabhlach i láthair freisin ag an ócáid lasmuigh d'Ard-Oifig an Phoist (GPO).
An searmanas lasmuigh den GPO
Ba ansin ar ndóigh a léadh Forógra na Cásca in Aibreán 1916 agus na hóglaigh faoi réir le haghaidh a thabhairt sa chogaíocht ar Arm na Breataine ar mhaithe le saoirse na tíre a bhaint amach agus le Poblacht na hÉireann a bhunú.
Ag meánlae inniu, islíodh brat na hÉireann agus léigh oifigeach de chuid na bhFórsaí Cosanta amach Forógra 1916.
Leag an tUachtarán Higgins bláthfhleasc ansin i gcuimhne orthu siúd uilig a bhásaigh san Éirí Amach.
Bhí nóiméad ciúinis i gceist freisin.
Bhí searmanais eile i gcathracha agus i mbailte eile ar fud na tíre chomh maith.