skip to main content

Fiosrúchán dúnmharaithe faoi bhás mná i gCo.Aontroma

Ceantar Whitehead i gCo.Aontroma
Ceantar Whitehead i gCo.Aontroma

Tá fiosrúchán dúnmharaithe bunaithe ag póilíní an Tuaiscirt (PSNI) faoi bhás mná i gCo.Aontroma.

Tá fear amháin gafa agus deir an PSNI nach bhfuil aon duine eile á lorg aige.

Bhásaigh an bhean de bharr an ionsaithe a rinneadh uirthi sa tsráidbhaile cois farraige ansin,Whitehead.

Cuireadh an PSNI ar an eolas go gairid tar éis a 6 a'chlog tráthnóna inné.

B'amhlaidh a sáthadh an bhean.