skip to main content

Ómós léirithe don iar-Choimisinéir Eorpach Michael O'Kennedy

An tiar-Choimisinéir Eorpach Michael O'Kennedy atá básaithe
An tiar-Choimisinéir Eorpach Michael O'Kennedy atá básaithe

Tá an tUachtarán Michael D Higgins agus an Taoiseach, Micheál Martin i ndiaidh a gcomhbhrón agus a n-ómós a léiriú don iar-Choimisinéir Eorpach, Michael O'Kennedy atá tar éis bháis.

Bhí sé 86 bliain d'aois.

Toghadh Michael O'Kennedy mar Theachta Dála do Dháilcheantar Thiobraid Árann Thuaidh den chéad uair i 1969.

Bhí 4 bliana caite aige roimhe sin mar Sheanadóir.

Chaith sé tréimhsí freisin in aireachtaí éagsúla, ina measc Gnóthaí Eachtracha,Saothar,Talmhaíocht agus Iompar.

Ba chainteoir maith Gaeilge freisin é Michael O'Kennedy a raibh aithne mhaith air sa Ghaeltacht, go háirithe ceantar Chorca Dhuibhne i gCiarraí.