Deir an Rúis go ndearna sí ionsaí ar mhonarcha déanta armlóin in aice le príomhchathair na hÚcráine, Cív.
Deir sí gur díoltas a bhí anseo as ionsaithe a rinneadh ar a cuid fórsaí féin.
Tá na h-ionsaithe ag neartú i Cív arís ó scríosadh an 'Moskva' inné, an
t-árthach ba mhó a bhí ag Cabhlach na Rúise i limistéar na Mara Duibhe.
Deir Roinn Cosanta na Stát Aontaithe gur buille mór don Rúis é gur cuireadh an long cabhlaigh sin go tóin poill agus gurb í a tuairim gur dhá dhiúracán 'Neptune' de chuid na hÚcráine a scrios an bád.
Tá sé ráite i gcónaí ag Roinn Cosanta na Rúise gur tharla an tubaiste toisc go raibh an fharraige thar a bheith fiáin ag an am.
Aslonnaíodh an 500 den chriú a bhí ar bord na loinge seo a bhí ag feidhmiú mar long cogaidh ón ré Sóivéidigh.

Teach eile scriosta i Cív
Tá an chogaíocht ag réabadh go láidir i gcónaí san Úcráin, go háirithe in oirthear na tíre sin.
Chualathas pléascáin chumhachtacha sa phríomhchathair Cív freisin.
Deirtear nach bhfuil an chogaíocht ansin chomh fíochmhar ón am ar tharraing trúpaí Rúiseacha amach ón gcathair roinnt seachtainí ó shin chun aghaidh a thabhairt ar chathanna sa deisceart agus san oirthear.
Inné bhuail an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, le Rialtas na hÚcráine i gCív.
Bhí roinnt mhaith cruinnithe aige leis an Rialtas ansin i láithreacha atá sábháilte.

An tAire Coveney i Bucha inné
Thug an tAire cuairt ar Bucha, áit a líomhnaítear gur mharaigh saighdiúirí na Rúise sibhialtaigh.
Tugadh an tAire ar cuairt timpeall na cathrach agus chuaigh sé chomh fada le holluaigh i Bucha chomh maith.
Tá saineolaithe dlí-eolaíoch ansin ag iarraidh a dhéanamh amach cad a tharla ar an mbaile, áit a bhfuil na céadta corp aimsithe ó d'fhág fórsaí na Rúise an baile.