skip to main content

Ríméad ar phobal na Gaeilge i ndeisceart na h-ardcathrach agus suíomh buan cinntithe do Ghaelscoil Laighean

3 bliana atá Gaelscoil Laighean bunaithe agus tá súil go dtreiseoidh sí go láidir anois agus suíomh buan bainte amach di.
3 bliana atá Gaelscoil Laighean bunaithe agus tá súil go dtreiseoidh sí go láidir anois agus suíomh buan bainte amach di.

Tá rímeád ar thuismitheoirí agus ar ionadaithe áitiúla, a deir siad, go bhfuil sé aontaithe ag comhairleoirí contae Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin suíomh talún a dhíol leis an Roinn Oideachais ar a mbeidh foirgneamh buan do Ghaelscoil i nDeisceart Bhaile Átha Cliath.

I 2019 a bunaíodh Gaelscoil Laighean, scoil illchreidmheach lán Ghaeilge le freastal ar pháistí i gceantar na Carraige Duibhe agus ceantar Bhaile an Bhóthair i ndeisceart na cathrach. 13 páiste a thosaigh sa scoil agus inniu tá beagnach 40 ag freastal uirthí. I nGráinseach an Déin atá an scoil lonnaithe ar bhonn sealadach ó shin ach tiocfaidh deireadh leis an léas ag deireadh na scoilbhliana seo.

Aréir vótáil Comhairle Chontae Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin ar son suíomh talún 1.1 acra ar Chnoc Mhuirfeann a dhíol leis an Roinn Oideachais ar chostas €4.5 milliún le suíomh buan a chur ar fáil do Ghaelscoil Laighean.

"Ní raibh muid ceaptha a bheith anseo chomh fada sin ach sin mar a thárla" a dúirt Príomhoide na scoile Aoife Ní Scolaí.

"Bhí feachtas mór fada ag na tuismitheoirí. Bhí sé an-dian ar fad ar phobal na scoile gan fios a bheith acu cá mbeadh muid ag dul. Ní féidir le scoil fás ná forbairt mura bhfuil a fhios aici cá bhfuil sí ag dul.'

Deir Niamh Uí Dhálaigh, tuismitheoir sa scoil go bhfuil áthas an domhain uirthi go bhfuil suíomh buan deimhnithe anois.

"Tá blianta d'obair chrua déanta ag tuismitheoirí na scoile agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil chomh maith leis na comhairleoirí a chabhraigh linn. Ba mhaith linn a bheith istigh sa scoil nua i mí Meán Fómhair. Measann tuismitheoirí gur foirgneamh sealadach a bheas ann ar dtús" a deir Niamh.

"Ba mhaith linn go dtógfaí an foirgneamh buan go tapaidh agus go mbeadh scoil lán-Ghaeilge, illchreidmheach againn go luath."

Tá súil go mbeidh foirgnimh sealadacha do Ghaelscoil Laighean tógtha mí Meán Fómhair ar an suíomh nua agus go dtógfar structúr buan le 8 seomraí ranga chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin.

Dheimhnigh urlabhraí ón Roinn Oideachais tráthnóna go dtosófar ar an obair dhearaidh agus pleanála don scoil úr anois agus go mbeidh saoráidí eatramhacha tógtha in am don chéad scoilbhliain eile.

"Tá sé fíor-thábhachtach go bhfuil áit bhuan anois ag tuismitheoirí" a deir an Comhairleoir Contae neamhspleách, Deirdre Donnelly.

"Tá thart ar leath den suíomh ar Chnoc Mhuirfeann le forbairt do thithíocht shóisialta agus inachmhainne chomh maith" a dúirt sí.