Tá na Gardaí fós i mbun fiosruithe faoi chorp fhear a fritheadh aréir ar chiumhais bhaile Shligigh.

Tá ainm an té a maraíodh foilsithe; Aidan Moffitt, 40 bliain d'aois, as Lios an Choill in aice le Bealach an Doirín i gCo Ros Comáin ó dhúchas, ach a raibh cónaí air leis féin sa teach i Sligeach le breis is 5 bhliana.

Ceantálaí agus comhairleoir morgáistí agus airgeadais a bhí ann a raibh a chuideachta féin Hazelfort aige i mBaile Shligigh.

Ball cláraithe le páirti Fhine Gael a bhí ann agus tuigtear gur mhinic leis a bheith ag cuidiú leis an bpáirtí aimsir toghcháin. Bhí an Teachta Dála Frank Feighan ar dhuine de na chéad daoine a chásaigh an tubaiste lena mhuintir nuair a tháinig scéal a bháis ar maidin.

Ceaptar gur Dé Domhnaigh i dteach tábhairne áitiúil 'The Village Inn’, 500 slat óna theach, a facthas go deiridh é.

D'fhág sé an teach ósta ach dúirt sé lena chairde go mbeadh sé ar ais níos deirní le breathnú ar an gcluiche sacair idir Manchester City agus Liverpool.

"Fear lách, garach agus greannmhar a bhí ann" a dúirt a chairde, "a rinne cuid mhór le cuidiú le h-iarrachtaí carthanachta airgead a bhailiú."

Tá geataí móra troma os comhair an tigh agus ceamaraí slándála feistithe taobh amuigh de.

Bhí spéis mhór aige i gcúrsaí peile a chontae dúchais Ros Comáin, agus san rásaíocht capall. Bhí sciar aige i gcapall rása tráth agus bhí sé thall i Cheltenham an mhí seo caite.

Bhí sé ar saoire sa Spáinn freisin an tseachtain seo caite.

Tá a chorp aistrithe tráthnóna go hOspidéal Shligigh le go ndéanfar scrúdú iarbháis air agus creidtear go bhfógrófar ansin gur fiosrú faoi dhúnmharú atá ar bun.

Leathuair tar éis a hocht aréir a cuireadh fios ar na Gardaí chuig teach cónaithe ar eastát Arda an Chartúin.

Cuireadh fios ar bhleachtairí nuair ba léir go raibh an fear gortaithe go brúidiúil, gránna, foiréigneach.