Is é inniu Lá na 65 Rós, - an feachtas bliantúil bailithe airgid ag Cumann Fiobróise Cistí na hÉireann, - agus tá na deirfiúracha Caoimhe agus Fiadh Ní Lúing as Maigh Nuad i gCo Chill Dara roghnaithe don phóstaer don fheachtas. Rugadh an bheirt acu agus fiobróis chisteach orthu.
8 mbliana atá Caoimhe agus 6 bliana atá Fiadh, cailíní beaga gealgháireacha mar is léir óna pictiúirí.


Faoi chúram a dtuismitheoirí Gráinne agus Caoimhín bíonn tascanna teiripe le déanamh gach maidin acu sula dtéann siad chuig Gaelscoil Uí Fhiaich.
Táthar ag siúl go mbeidh na cailíní in ann tairbhe a bhaint as leigheas nua Kaftrio ag tosnú sa samhradh, ábhar leighis do dhaoine os cionn 6 bliana a bhfuil Fiobróis Chisteach ag cur as dóibh.
Thart ar duine as gach 20 a bheirtear gach bliain in Éirinn agus fiobróis chisteach orthu - an ráta is airde ar domhan.
Is féidir siúntiús a thabhairt do Chumann Fiobróise Cistí na hÉireann ar shuíomh CF Ireland.